Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Cláir Nuachta Gaeilge: Plé

Mr. Alan Esslemont:

Rinne an Teachta tagairt don phlean físe tar éis Covid atá curtha le chéile ag TG4 agus curtha amach ag an Roinn. Tá sé mar aighneacht réamh-bhuiséad freisin. Tá plean ansin don nuacht agus tá roghanna eile ann, ach i ndeireadh na dála is roghanna níos airde iad sin a bhaineann leis an Rialtas. Tiocfaidh mé ar ais aige sin.

Tá muidne ag feidhmiú taobh istigh den reachtaíocht atá ann faoi láthair, so tá dualgas orainn oibriú amach céard atá mícheart le TG4 agus cén chaoi gur féidir linn feabhas a chur air. Sa phlean sin, táimid ag moladh gur cheart go mbeadh an fhoireann atá fostaithe ag RTÉ ag feidhmiú mar fhoireann ITN, a chuireann ar fáil Channel 4 News agus Channel 5 News. Ba chóir go ndéanfadh siad dearmad ar an máthair-bhranda agus díriú isteach go hiomlán ar an mbranda seirbhíse, is é sin, TG4. Faoi láthair tá siad tarraingthe idir an dá rud agus níl sé sin ag feidhmiú. Chomh maith leis sin, tá cuid den ábhar is fearr ag teacht amach i mBéarla sula gcuireann muidne amach i nGaeilge é.

Aontaím go hiomlán leis an Teachta ó thaobh bhriseadh-nuachta. Go minic, tagann briseadh nuachta suas ar an bhfón. Tá fón ag chuile dhuine agus sin an áit go bhfuil siad ag iarraidh briseadh nuachta a fheiceáil. Níl aon struchtúr digiteach nuachta againn agus ba cheart go mbeadh. Sin an rud atá sa phlean a tháinig ó bhord TG4. Caithfidh TG4 ceannas eagarthóireachta a bheith againn ó thaobh fís na nuachta a leagan amach. Caithfimid cur leis na hacmhainní atáimid ag cur i dtreo na nuachta, agus caithfimid an struchtúr seo ó thaobh an aip dhigiteach a chur ar fáil. Is féidir oibriú ar an mbealach sin. Tá roghanna eile ann agus tá siad cloiste agam ó chuid de na Teachtaí. D’fhéadfaí fáil réidh leis an uair an chloig sa lá ó RTÉ agus an t-airgead a thabhairt do TG4. Is féidir linn feidhmiú ar an mbealach sin ach sin ceist don Rialtas. Ní ceist í dúinne mar tá muidne ag plé leis an reachtaíocht mar atá.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.