Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Cláir Nuachta Gaeilge: Plé

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

An beart ciallmhar a bheadh ann dá dtabharfaí an t-airgead do chláir nuachta agus cúrsaí reatha do TG4 agus cead a thabhairt dó nuacht Gaeilge a dhíol le RTÉ dá mbeadh sé uaidh go tráchtála? Tá dualgas ar RTÉ craoladh trí Ghaeilge don uair an chloig mar tá sé sin sa reachtaíocht. An mbeadh sé sin níos sásúla do TG4 ó thaobh brandáil de, dá mbeadh an mhaoin aige agus cead aige díol, seachas an maoin a bheith ag RTÉ agus é ag úsáid acmhainní TG4? Ag an deireadh seachtaine bíonn scéalta beaga spéisiúla daonna ar an nuacht. Nuair a chuirtear an tuairisceoir amach ó RTÉ, cuirtear agallamh ar an duine i nGaeilge, mar is scéal Gaeilge a bhíonn ann, ach cuireann siad ceist i mBéarla freisin. Ansin cuireann RTÉ é ar nuacht a 6 a chlog mar bíonn siad ag iarraidh é a líonadh le scéal deas spéisiúil mar nach bhfuil an oiread sin nuacht ann ar an deireadh seachtaine. Bíonn sé air sin tar éis gur scéal TG4 Súil Eile atá ann i ndáiríre, mar go minic is rud é a tharla i gceann de na Gaeltachtaí. An mbeadh TG4 níos fearr as dá mbeadh sé i gceannas agus go socródh sé go bhféadfadh RTÉ an scéal a bheith aige le haghaidh nuacht a 9 a chlog ach go mbeadh sé ag TG4 ag a 7 a chlog i dtosach agus nach dtiocfadh sé amach ag a 6? Dá ndéanfadh muidne an cinneadh an rud a iompú bun os cionn ó thaobh maoiniú de agus an maoiniú a thabhairt do TG4, an mbeadh sé sin níos fearr ó thaobh brandáil do TG4 nó ar cheart dúinn an rud a fhágáil mar atá sé?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.