Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Cláir Nuachta Gaeilge: Plé

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Críochnóidh mé le cúpla ceist agus b’fhéidir go mbeidh deis agam teacht ar ais níos déanaí. Ní bhreathnaím ar theilifís so ní saineolaí mé ach léann mé na páipéir agus breathnaím ar an sceideal i gcónaí. Agus mé ag réiteach don chruinniú seo, bhreathnaigh mé ar an sceideal.

Tá cúrsaí nuachta ar RTÉ go minic i rith an lae. Níl siad ar TG4 ach uair amháin agus níl ansin ach deich nó 15 nóiméad. Tá Alan Esslemont ag rá anois go bhfuil sé sin díreach cosúil leis an nuacht 20 nóiméad ar RTÉ 1 ag 5.40 p.m. roimh an Angelus. Sin difríocht. Tá 20 nóiméad ar RTÉ agus 15 nóiméad ar TG4, agus chomh maith leis sin tá nuacht eile go minic ar RTÉ i rith an lae. Dá mbeadh TG4 in acmhainn, an bhféadfadh sé níos mó bulletins a chur ar fáil?

Léigh mé an aighneacht a chuir TG4 isteach ó thaobh an bhuiséid de agus an fáth go bhfuil tuilleadh airgid agus acmhainní á lorg aige. Tá sé leagtha amach go hiontach ó thaobh daoine óga a mhealladh agus cúrsaí digiteacha a láidriú, go háirithe ó thaobh cúrsaí nuachta. De réir mar a thuigim, téann bulletins nó feasacháin breaking news amach cúpla uair chuile lá i mBéarla. Ní théann siad amach beag ná mór i nGaeilge. An dtagann an rud seo faoi chúram TG4 nó an mbaineann sé leis an stiúrthóir ó RTÉ, atá le teacht os ár gcomhair i gceann cúpla seachtain? Tá mé measctha suas agus táim ag iarraidh eolas a fháil ach tá sé deacair. Tá difríocht mhór idir an dá theanga agus i bhfad níos lú béime á chur ar an nGaeilge. Chonaiceamar é sin i rith na paindéime maidir le comharthaí agus chuile rud ar TG4 agus RTÉ i nGaeilge. Bíonn na news alerts, breaking news agus an rud uilig trí Bhéarla, agus de réir mar a thuigim, tá ciorruithe ann ag an deireadh seachtaine freisin agus níl nuacht ar fáil le linn an deiridh seachtaine. An bhfuil mé mícheart? Níl a fhios agam. Níl sé ceart go bhfuil muid ag brath ar phíosa eolais anseo agus ansiúd chun plé a dhéanamh ar an rud mar táimid in am an ghátair i ndáiríre. Ba mhaith liom é sin a rá i mbealach níos dearfaí. Ba mhaith linn cabhair a thabhairt do TG4 dul i ngleic leis na dúshláin. Bheinn buíoch dá bhféadfadh Alan Esslemont cúpla rud a rá faoi na pointí sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.