Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhísí Poiblí Dátheangacha na gComhlachtaí Poiblí agus Líon na Seirbhíseach Dátheangach: Plé

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Dúirt na finnéithe ar ball gur 1.4% de na poist atá luaite leis an nGaeilge. Téann sé seo go croí na ceiste ar fad. Cé acu ar cheart a bheadh an rogha ag duine dhátheangach agus sé nó sí ag plé leis an tseirbhís poiblí an teanga a roghnú, an Stát nó an saoránach? Is é mo thaithíse mar dhuine a bhíonn ag plé leis an Stát chuile lá agus mar dhuine atá dhátheangach ná le beagán eisceachtaí, fiú istigh sa Ghaeltacht, níl aon rogha ann ach plé leis an gcóras i mBéarla má táthar ag iarraidh aon dul chun cinn a dhéanamh.

Tugaim faoi deara leis na daoine i mo dháilcheantar - déarfainn go bhféadfadh an Teachta Connolly é seo a dhearbhú - nuair a thagann daoine ón nGaeltacht isteach againn, ó tharla go bhfuil foireann le Gaeilge againn, labhraíonn siad linn i nGaeilge. Nuair a théann muidne ag plé leis an Stát agus nuair a théann siad féin ag plé leis an Stát, mar shampla an rannóg tithíocht i nGaillimh, le heisceacht amháin, is i mBéarla a dhéanann sé plé. Mar shampla, leis an rannóg cáin bhóthar, is i mBéarla a dhéanann sé plé. Mar shampla, fiú na daoine a chuirtear amach ag déanamh scrúdaithe maoinithe orthu agus iad ag tóraíocht cúram na leasa shóisialaigh bíonn orthu plé leo i mBéarla. Má tá siad ag plé leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus má thagann cigire amach ar an bhfeirm, níl aon rogha acu. Cuid de na daoine seo bheadh Gaeilge i bhfad níos fearr acu ná mar a bheadh de Bhéarla acu agus tá daoine mar sin ann i gcónaí.

Mar sin, nuair a deir na finnéithe nach bhfuil gá ach le 1.4% tá siad ag déanamh sin ar an mbunús gur ag an Stát atá an rogha an teanga a bhrú ar a saoránach tar éis go mbeadh an teanga go bhfuil siad ag iarraidh a úsáid mar chéad teanga oifigiúil an Stáit. An ndearna na finnéithe plé riamh ar an mbuncheist seo; cé acu ar cheart an rogha a bheith acu agus cén teanga a d'úsáidfidís ag plé leis an státchóras? Tá mé ag caint ar thairiscint ghníomhach agus an státseirbhís ag plé le duine go bhfuil ar a chumas nó a cumas Gaeilge mhaith a labhairt ar ais. Níl aon mhaith a bheith ag plé le duine agus Gaeilge fíor-bhriste aige nó aici. Is féidir iarracht a dhéanamh ach ní bheadh muid in ann an gnó a dhéanamh. Iontófaí ar an mBéarla mar teastaíonn éascacht a dhéanamh. Más fearr an Béarla ná an Ghaeilge ag duine, tá a fhios againn uilig go n-iontódh muid ar an mBéarla. Ar bhreathnaigh na finnéithe ar an gceist sin riamh agus ansin a rá cé mhéad post gur cheart a bheith ann? Go dtí go ndéanfar sin, déarfar nach bhfuil na poist ann mar go labhraíonn daoine Béarla. Déanaim féin é chuile lá ach ní hé mar go m'bhfearr liom é a dhéanamh. Tá an córas ag séanadh mo chearta plé leis an Stát i nGaeilge ach cén rogha eile atá agam má tá mé ag iarraidh mo ghnó a dhéanamh?

Tá sé fíor-spéisiúil. Deirtear nach mbíonn daoine ag éileamh seirbhís i nGaeilge ach ní bhacann daoine. Rud atá spéisiúil i nGaillimh; tá mé ag ceapadh gur mise an chéad duine go raibh mé i mo Theachta agus a chinntigh go raibh Gaeilge ag an bhfoireann oifige. Níl aon amhras ach gur tháinig daoine agam i ngeall air sin. Is rud an-iomaíoch í an pholaitaíocht. Neamhchosúil le bheith ag plé leis an Státseirbhís, tá rogha de pholaiteoirí ag duine. Tá sé thar a bheith spéisiúil go bhfuil triúr de na Teachtaí agus Seanadóir amháin as seachtar tar éis déanamh cinnte go bhfuil Gaeilge ag an bhfoireann atá acu agus iad líofa. Tá margadh ann má cuirtear ar fáil an tseirbhís. Roimhe sin, má chuaigh duine ag Teachta ghlac chuile dhuine leis go gcaithfí Béarla a labhairt. Nuair atá rogha agus an tairiscint ghníomhach á dhéanamh, déanann na daoine an rogha agus tá sé thar a bheith spéisiúil an rogha a rinne siad. Anois déarfainn go dtéann formhór na gcainteoirí Gaeilge go dtí na triúr Teachtaí agus an Seanadóir go bhfuil Gaeilge acu. Má bhreathnaímid ar na boscaí vótála, tá an cuma sin ar an scéal.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.