Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhísí Poiblí Dátheangacha na gComhlachtaí Poiblí agus Líon na Seirbhíseach Dátheangach: Plé

Dr. Aodhán Mac Cormaic:

Tagraím don cheist faoi na haistritheoirí. Má chuirtear le líon na ndaoine atá ag obair sa státchóras le Gaeilge, ní bheidh gá go leor de na rudaí beaga a chur amach go dtí aistritheoirí. Tá sé ar nós muidne ag scríobh litreacha i mBéarla chuile lá. Tá litreacha mar sin, trí nó ceithre líne, ag dul amach go dtí aistritheoir mar nach bhfuil na bunscileanna Gaeilge ag daoine. Ní theastaíonn aistritheoir le haghaidh rud mar sin go minic. Teastaíonn aistritheoirí le haghaidh na rudaí i bhfad níos casta ar nós stuif a bhaineann leis an dlí, tuarascálacha bliantúla agus a leithéid.

Tagraím don Aontas Eorpach. Tá an droim briste air sin anois mar sin ní cheart go mbeadh aon iomaíocht as seo amach idir obair san Aontas Eorpach agus obair anseo sa bhaile. Beidh 200 duine ag obair san Aontas Eorpach, idir aistritheoirí, dlítheangeolaithe agus cúntóirí roimh dheireadh na bliana seo. Beidh an droim briste agus ní bheidh an cothabháil á déanamh ar an gcóras sin ina dhiaidh sin.

Luadh an státseirbhís agus cén buntáiste atá ann. Scaití, ní díolann muid an rud i gceart. Tá go leor buntáistí bainteach leis an rud. Oideachas leanúnach is ea rud amháin. Is iomaí duine a d'fhág an scoil gan dul ag an ollscoil. Faigheann go leor daoine istigh sa chóras táillí aisíoctha ag an eagras lena bhfuil siad ag obair. Tá go leor deiseanna ann ach is í an Ghaeilge an ceann eile anois. Tá sí mar bhuntáiste agus táimid in ann na scileanna teanga sin a fhorbairt. Ní rocket science é leis an taighde atá ann agus le tacaíocht ó na heagraíochtaí éagsúla beimid in ann é a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.