Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 21 July 2021
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Seirbhísí Poiblí Dátheangacha na gComhlachtaí Poiblí agus Líon na Seirbhíseach Dátheangach: Plé
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Ba mhaith liom tacú a thabhairt don Teachta. Baineann an rud a bhí le rá agam leis an méid atá ráite aige. Luaigh David Cagney nach bhfuil an t-éileamh ann agus go bhfuil sé íseal. Nuair a leantar ar aghaidh leis an meon sin, tarlaíonn sé go mbímid ag caint i mBéarla inniu mar shampla mar nach bhfuil duine sa Roinn in ann teacht os ár gcomhair agus an plé a dhéanamh trí Ghaeilge. Níl mé ag cur an locht ar na finnéithe ach tá mé ag cur in iúl an rud a tharlaíonn de bharr meoin a bheith ann nach bhfuil an t-éileamh ann.
Tagraím don choiste chomhairliúcháin. Bhí plé teasaí againn anseo ó thaobh cibé cén teanga, Gaeilge nó Béarla, gur cheart go mbeadh aici. Bhí leasú ag an gCathaoirleach go mbeadh Gaeilge mar theanga oibre ag an gcoiste.
Dúradh linn nach mbeadh an modh oibre trí Bhéarla de bharr easpa líofachta sa Roinn. Ag an am céanna tá na finnéithe ag maíomh nach bhfuil cúrsaí ró-dhona mar nach bhfuil an t-éileamh ann. Sin an teachtaireacht a thóg mise as an méid a léigh mé. B'fhéidir go bhfuil mé mícheart. Seo na himpleachtaí atá ag eascairt as an meon. Beidh an coiste chomhairliúcháin ó thaobh na Gaeilge de ag feidhmiú trí Bhéarla mar ní bheidh státseirbhísigh in ann a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge. Smaoinígí air sin.
No comments