Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 June 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Múinteoirí Nuacháilithe agus a gCaighdeáin Gaeilge, Deontais le hÁbhar Oidí a thabhairt faoi Thréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht mar chuid dá n-Oiliúint agus Curaclaim nua na hardteistiméireachta T1 agus T2: An Roinn Oideachais.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Glacaim leis go bhfuil an próiseas comhairliúcháin ar siúl faoi láthair agus go bhfuil síneadh ama ann. An bhféadfadh an tAire a rá cad go díreach a spreag an síneadh ama sin? Cad a dhéanfar leis an am breise? An mbeidh iarrachtaí breise nó eolas breise á chur ar fáil do dhaoine chun an próiseas comhairliúcháin a fheabhsú san am breise atá ann anois? Mar shampla, tá go leor tuismitheoirí, scoileanna agus múinteoirí ag insint dom go bhfuil easpa eolais nó easpa soiléireachta ann maidir leis na pointí bónais. Cén fáth a dtarraingeodh daltaí an t-ualach breise orthu féin? Cén tslí ina mbeadh an dá shraith ar siúl i scoil nó a d'fhéadfadh scoil T1 nó T2 a thógáil amach anseo? Ní bhaineann na ceisteanna seo go díreach leis an gcuraclam ach tá an-éifeacht acu ar an dearcadh a bheidh ag daoine agus cé acu T1 nó T2 a thabharfaidís faoi amach anseo. An bhféadfadh muid soiléiriú a fháil ar a leithéid sin sa chaoi is go mbeadh daoine ábalta aighneachtaí a sheoladh isteach nó chun go gcuirfeadh sé leis an bplé? Cén fáth a dtarraingeodh aon duine ualach breise orthu féin ag gabháil do T1 mura bhfuil aon tairbhe ann? An bhfuil uirlisí seachas pointí breise nó pointí bónais ann? B’fhéidir nach bhfuil. Cad é dearcadh na Roinne ar na pointí bónais? Bheadh an rogha ag daltaí sna scoileanna cúrsa T1 nó T2 a ghlacadh agus b’fhéidir fiú an dá cheann a ghlacadh má tá bua faoi leith acu ó thaobh teanga, nó ó thaobh na Gaolainne go háirithe. Bheadh siad ábalta é a thabhairt ar aghaidh mar ábhar breise sa tslí chéanna leis an matamaitic fheidhmeach i gcomhair daoine go bhfuil claonadh faoi leith acu ansin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.