Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 June 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Múinteoirí Nuacháilithe agus a gCaighdeáin Gaeilge, Deontais le hÁbhar Oidí a thabhairt faoi Thréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht mar chuid dá n-Oiliúint agus Curaclaim nua na hardteistiméireachta T1 agus T2: An Roinn Oideachais.

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail) | Oireachtas source

Ar an gcéad dul síos, aontaím go hiomlán leis an méid atá ráite ag mo chomhghleacaí, an Teachta Ó Cuív. Tá a fhios agam go bhfuil próiseas comhairliúcháin ar siúl agus is rud maith é sin ach ní gá don Aire glacadh leis an gcomhairle ón CNCM. Molaim di smaoineamh ar an nGaeilge mar mhionteanga na tíre seo. Ní gnáth-ábhar í. Níl sí cosúil le staidéar gnó, mar shampla. Baineann sí le saol fada na tíre agus tá sé deacair go leor ag daoine a saol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge sa tír seo. Tá go leor ráite ag daoine éagsúla maidir leis an mbuntáiste a bhíonn ag daltaí sna Gaelcholáistí agus scoileanna lán-Ghaeilge ach tá go leor míbhuntáistí ag baint le saol na Gaeilge sa tír seo, faraor. Tá pointí bónais ar fáil don chúrsa mata ardleibhéal agus ní cúrsa níos dúshlánaí é an cúrsa sin. Cad atá i gceist againn le T1 ach cúrsa níos dúshlánaí? Tá ceist amháin agam don Aire. An bhfuil aon mhúnla eile ann seachas pointí bónais chun daltaí a spreagadh chun an cúrsa T1 a dhéanamh?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.