Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 June 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Múinteoirí Nuacháilithe agus a gCaighdeáin Gaeilge, Deontais le hÁbhar Oidí a thabhairt faoi Thréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht mar chuid dá n-Oiliúint agus Curaclaim nua na hardteistiméireachta T1 agus T2: An Roinn Oideachais.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá ceist agamsa faoi seo agus ansin tabharfaidh mé deis don Aire. Fiú leis an síneadh ama tá imní agus buairt ar a lán daoine faoin gcomhairliúchán seo. Tá fearg orthu go bhfuil an comhairliúchán ann in aon chor toisc é a bheith chomh cúngaithe, ag díriú díreach isteach ar mhúnla amháin, T1 agus T2, seachas ar mhúnlaí nó ar shamplaí eile, mar a luaigh an Teachta Ó Cuív. Tuigim nach féidir leis an Aire a ladar a chur isteach sa cheist seo gan an bun a bhaint den Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ach tá an comhairliúchán seo ar siúl gan aon athbhreithniú a bheith déanta ar na hathruithe suntasacha a tháinig ar an teastas sóisearach sa Ghaeilge.

Ní dhearnadh é sin ar dtús sular thosaigh daoine ag smaoineamh ar bhogadh ar aghaidh chuig an ardteistiméireacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.