Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 12 May 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuarascáil Oifig an Choimisinéara Teanga: An Garda Síochána

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source

Ar dtús báire, gabhaim mo leithscéal leis an gCoimisinéir agus leis an gCathaoirleach. Bhí orm seasamh amach ón gcruinniú ar feadh tamaill ansin. Má tá an cheist seo curtha ag comhghleacaí eile, is féidir leis an gCathaoirleach mise a stiúradh chuig an taifead. Ní miste liom amharc siar air sin.

Cuirim fáilte roimh an gCoimisinéir Harris, ar dtús báire. Ba mhaith liom díriú isteach ar an gceist arís faoin riachtanas Gaeilge fá choinne na ngardaí. Mar is eol dó, roimh 2005, bhí Gaeilge riachtanach le bheith i do gharda. Ní raibh gach garda líofa ach bhí na rudaí bunúsacha ag gach garda, ar a laghad. Ghlac Rialtas Fhianna Fáil, ina raibh an Teachta Éamon Ó Cuív mar Aire na Gaeltachta ag an am, cinneadh fáil réidh leis an riachtanas seo, in ainneoin go ndúirt Sinn Féin, an Association of Garda Sergeants and Inspectors, AGSI, agus cuid mhaith daoine eile ag an am go dtarlódh na fadhbanna atá tar éis tarlú. Ba mhaith liom an méid a bhí le rá ag an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí ag an am, an Seanadóir McDowell, faoin gclár oiliúna do ghardaí a bhí á chur le chéile aige leis an Aire ag an am, an Teachta Ó Cuív, a lua:

Some people have expressed concern that these changes will be damaging to the Irish language. On this point, I want to make my position clear. Our native Irish language will continue to have an important place in An Garda Síochána. All Garda recruits will be required to achieve an appropriate standard in Irish before becoming full members of the force, and basic training in Irish will be given to recruits who have no qualification in the language.

An aontaíonn an Coimisinéir Harris go raibh an cinneadh seo, mar a dúirt an Seanadóir McDowell, "damaging to the Irish language" agus gur theip go hiomlán ar an sprioc sin go mbeadh caighdeán cuí ag gach garda sa Ghaeilge? Ar chóir an riachtanas Gaeilge a thabhairt ar ais chun an bhfadhb seo a réiteach?

Bhí mé ag éisteacht le comhghleacaithe ón nGaeltacht agus iad ag caint ag an gcruinniú seo agus cruinnithe eile. Ba mhaith liom ceist dhíreach a chur ar an gCoimisinéir. Ó thaobh a bheith ag póilíniú leis an bpobal de, nach síleann sé go hiomlán doghlactha go bhfuil gardaí ann atá ag feidhmiú agus ag obair sa Ghaeltacht nach bhfuil Gaeilge acu, mar bhunphrionsabal den chóras póilíneachta agus gur cheart aithint go bhfuil air sin athrú agus athrú go tapa?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.