Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 12 May 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuarascáil Oifig an Choimisinéara Teanga: An Garda Síochána

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá cúpla ceist eile agam maidir leis an earcaíocht. Is teip iomlán é an sruth Gaeilge dar leis na figiúirí a thug an Coimisinéir dúinn. As 600 garda níl ach triúir ag teacht amach ón Teampall Mór a bhfuil Gaeilge acu. Is teip iomlán é. An bhfuil náire ar an gCoimisinéir maidir leis na figiúirí sin?

Conas is féidir fios a bheith ag an bpobal go bhfuil Gaeilge ag garda áirithe? An bhfuil an fáinne á chaitheamh aige nó aici? An bhfuil badge faoi leith ann? An bhfuil aon phlean ann i gcomhair badge de shaghas éigin a dhéanamh chun na scileanna teanga atá ag an ngarda a chur in iúl don phobal?

An raibh an Coimisinéir riamh i dteagmháil le hAontas na Mac Léinn in Éirinn nó Conradh na Gaeilge maidir leis na féidearthachtaí atá ann sa Gharda? Bíonn siad i dteagmháil le neart mac léinn agus daltaí scoile timpeall na tíre chun iad a mhealladh an saol a chaitheamh trí Ghaeilge agus post a fháil le Gaeilge. An raibh an Coimisinéir riamh i dteagmháil nó an bhfuil plean aige chun dul i dteagmháil leis na heagraíochtaí sin? Tá a lán eagraíochtaí eile ann seachas na cinn sin. Tá cúpla ceann breise ann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.