Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 12 May 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuarascáil Oifig an Choimisinéara Teanga: An Garda Síochána

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá ceist ghairid agam ar Alan Mulligan. Bhí sé ag caint mar gheall ar chúrsaí i nGaeilge. An bhfuil a fhios aige cé mhéad garda a rinne na cúrsaí an bhliain seo caite nó in 2019?

An bhfuil an Coimisinéir in ann gealltanas a thabhairt dúinn? Is líon an-bheag é 80 as 14,000 garda a bhfuil ardchumas acu sa teanga. An mbeadh buntáiste ag baint leis do na daoine atá ag iarraidh poist a fháil sa Ghaeltacht? Bhíomar go léir anseo le haghaidh Acht na Gaeilge agus táimid go léir ag iarraidh spriocdhátaí a fháil don chomhlacht poiblí go ginearálta.

An bhfuil an Coimisinéir in ann spriocdháta le haghaidh garda le Gaeilge a bheith i ngach stáisiún sa Ghaeltacht a thabhairt dúinn? Is iad 2025 nó 2030 na spriocdhátaí eile. If we do not set a deadline we will not get there. An bhfuil an Coimisinéir in ann spriocdháta a thabhairt mar gheall ar an rud chomh bunúsach le go mbeadh gach garda in ann Gaeilge a labhairt sna stáisiúin sa Ghaeltacht?

Nuair a bheidh sibh ag recruiting na saoránaigh ar an teileafón agus na sibhialtaigh, go mór mór i gCiarraí theas agus in iarthar Chiarraí, ba cheart go mbeadh ardchumas sa teanga ag gardaí mar, go minic, cuirtear an glaoch sin isteach go dtí Cill Airne, Cill Orglan nó Trá Lí. An bhfuil aon phlean ag An nGarda Síochána le haghaidh na mbailte sin ionas go mbeidh daoine i ngach unit in ann Gaolainn a labhairt? Ní bhfuair mé aon fhreagra ar an gceist sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.