Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 12 May 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuarascáil Oifig an Choimisinéara Teanga: An Garda Síochána

Ms Eimear Ní Cheallaigh:

Níl an t-eolas sin agam ach an oiread ach ó thaobh na stáisiúin seirbhíse Ghaeltachta de, tá liosta curtha le chéile d'os cionn 60 stáisiún. Cosúil leis na bailte seirbhíse Ghaeltachta atá ann anois, tá stáisiúin sheirbhíse Ghaeltachta, mar shampla, Leitir Ceanainn.

Mar a dúirt an Coimisinéir ansin, tá rudaí ag athrú ó thaobh an struchtúir de. Ach tá muidne ag breathnú ar na stáisiúin seo agus tá súil againn go mbeidh cohórt má bhíonn na huimhreacha ann. Is í an deacracht atá againn ná na huimhreacha agus nach bhfuil siad ann. Beimid ag breathnú ar na stáisiúin sin chomh maith agus ag iarraidh cohórt chainteoirí Gaeilge a bheith sna stáisiúin sin. Táimid ag féachaint ar na rudaí seo ar fad agus ag breathnú síos an bóthar agus ag iarraidh na fadhbanna seo ar fad a réiteach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.