Oireachtas Joint and Select Committees

Friday, 29 January 2021

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil)

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Fáiltím roimh an méid atá ráite ag an Aire Stáit. Taispeánann sé an úsáid a bhaineann le díospóireacht chuimsitheach a dhéanamh sa Teach seo ar Bhillí. Deirim i gcónaí gurbh é an rud is mó agus is fadtéarmaí a dhéanaimid sa Teach seo ná an reachtaíocht agus ní ceart riamh reachtaíocht a dhéanamh faoi dheifir mura bhfuil fíorphráinn éigeandála ag baint leis.

D’éist mé go cúramach leis an Aire Stáit agus is é an tuiscint a bhain mé as ná gur féidir - tá sé seo in alt 7 den Bhille - go mbeidh sé seo leagtha síos sna caighdeáin agus go mbeidh caighdeáin éagsúla i gceist. Mar a dúirt mé an lá faoi dheireadh, is é sin an cleachtas atá i gCeanada. Mar a dúirt mé freisin, nuair a chuamar go Ceanada ní go Montréal a chuamar, is iad sin na háiteanna a labhraítear an Fhraincis, ach chuamar go dtí na háiteanna ina bhfuil an Béarla go mór i dtreis, mar is cosúla i bhfad iad sin seachas an Ghaeltacht an-bheag atá againn, leis an bhfíor-staid anseo in Éirinn.

Le linn don Aire Stáit a bheith ag breathnú air seo, is dóigh go gcaithfidh sé breathnú ar alt 7 den Bhille mar atá sé foilsithe, mar deir sé: “Féadfaidh an tAire...” agus téann sé ar aghaidh ansin leis an rud atá á rá ag an tAire Stáit go bhféadfadh caighdeáin éagsúla a bheith i gceist, agus chuile shórt mar sin, agus níl aon fhadhb agam leis sin. Ní deir sé “go gcaithfidh” an tAire. B’fhéidir go mbeidh ardú céime faighte ag an Aire Stáit agus go mbeidh a fhios aige i bhfad níos mó faoin gcaoi a dtiocfaidh é seo ag an gcéad duine eile agus an mbeidh spéis aige sa jab. Le linn don Aire Stáit a bheith ag machnamh arís ar an gcaoi a thabharfaidh sé faoi seo, an mbeadh sé sásta breathnú air sin freisin agus dá mbeadh curtha istigh ansin “go leagfaidh an tAire”, nó go bhforordóidh an tAire, caighdeáin teanga agus mar sin de, agus leis sin chun an éiginnteacht atá sa mhír sin a bhaint as, mar go gcaithfidh é sin a dhéanamh?

Ar a laghad ar bith nuair a d’fhoilseofaí na caighdeáin seo, beidh deis ag daoine a rá an bhfuil sé sách ard agus cén chaoi a n-ainmneofar na poist agus beidh sé sin tábhachtach. Is é sin an ainmneofar post ina gcaithfidh déileáil le cainteoirí láidre Gaeilge go laethúil agus ábhair chasta a phlé ag caighdeáin sách ard? Luaigh an tAire Stáit féin an fáilteoir a mbeadh ag cur fáilte roimh an bpobal i gnáth-Roinn Stáit agus caighdeán i bhfad níos lú Gaeilge ag teastáil uaidh nó uaithi. B’fhéidir go ndéanfaidh an tAire Stáit machnamh air sin mar nuair a thiocfaimid chomh fada le halt 7 beidh fadhb againn le halt 7 mar a sheasann sé mar go bhfuil “féadfaidh” sa chlásal nó abairtín áirithe sin. Is é sin an ceann a úsáideann Ranna Stáit go minic le héalú as rudaí a dhéanamh. An féidir leis an Aire Stáit a rá go mbreathnófaí air sin agus go mbeidh sé sin láidrithe go dtí an pointe go ndéarfaidh sé: “forordóidh an tAire caighdeáin teanga” agus mar sin de?

D’fhéadfaí na caighdeáin a athrú ar ndóigh in imeacht ama, le bheith réalaíoch faoi, ach caithfidh caighdeáin a bheith ann. Is é sin an rud tábhachtach faoin gceist seo. B’fhearr go mbeadh roinnt caighdeán éagsúla ag brath ar an jab agus aontaím leis sin. B’fhéidir go smaoineodh an tAire Stáit ar an méid sin agus go dtabharfadh sé nod don Teach go láidreoidh sé an abairtín sin mar gurbh é sin eochair na ceiste seo a bhfuilimid ar fad ag iarraidh díriú isteach air.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.