Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 9 December 2020
Joint Oireachtas Committee on Social Protection
Pandemic Supports to the Islands and Rural Ireland: Department of Rural and Community Development
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Ó mo thaithí, theastódh síntiús díreach ón Stát le go dtarlódh sé mar bheadh sé ar bun an liosta ag na heagraíochtaí seo. Níl sé ina chuid den national broadband plan, agus caithfidh duine a íoc le go dtabharfaidh na comhlachtaí isteach é. Dúirt Uisce Éireann i bhfreagra ar cheist a chuir mé air go raibh sé ag breathnú air. Maidir leis an ESB, rinne sé sin as a chonlán féin cheana agus go mór mór má tá easpórtáil a dhéanamh ar leictreachas ó na hoileáin ó mhuilte gaoithe, theastódh é sin. Ceapaim féin gur mór is fiú fáilte a chur roimh an méid atá ráite ag an bhfinné.
No comments