Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 9 December 2020

Joint Oireachtas Committee on Social Protection

Pandemic Supports to the Islands and Rural Ireland: Department of Rural and Community Development

Ms Sorcha de BrĂșch:

Bheinn féin ag tacú le pobal na n-oileán, na hionadaithe oileánacha agus na farantóirí as an obair agus an tacaíocht a thug siad don Roinn agus muid ag iarraidh a chinntiú go mbeadh na seirbhísí farantóireachta ar fáil ag dul isteach is amach ó na hoileáin le linn tréimhse na paindéime. Táim sásta gur oibrigh sé chomh maith sin. Chuireamar orainn chuile lastas agus seirbhísí paisinéirí a chur ar fáil isteach is amach ó na hoileáin i gcaitheamh na tréimhse. Ceart go leor, tá bád amháin i mbun seirbhísí faoi láthair ag dul isteach is amach ó na hOileáin Árann. Tá socruithe againn leis an bhfarantóir go mbeadh sé cinnte go mbeidh an dara bád i mbun seirbhíse ón 18 Nollaig go dtí an 6 Eanáir ach tá deimhnithe freisin go mbeidh sé ar fáil má thagann ardú ar an éileamh leis an taisteal isteach is amach ó na hoileáin ag daoine ag déanamh a gcuid siopadóireachta agus ag bogadh amach. Taobh amuigh den tréimhse sin, beidh an dara bád réidh le freastal ar na hoileáin. Tá na báid ag na farantóirí agus is féidir leo iad a chur i mbun seirbhíse má tá gá leo. Is féidir é a fheiceáil fiú i mBaile Átha Cliath go bhfuil ardú tagtha ar líon na ndaoine atá ag taisteal isteach is amach sa tréimhse seo agus ag an am seo den bhliain, thuigfí é sin. Tá an socrú sin déanta leis an bhfarantóir. Ba mhaith liom a dheimhniú go mbeidh sé sin ann.

Ó thaobh cúrsaí uisce, tá neart taithí agam ar na cúrsaí sin ar na hOileáin Árann. Is cuimhin liom féin mar ghasúr uisce a bhailiú sna buicéid sin agus muid ag fás aníos. Mar atá ráite cheana, agus na ceisteanna seo á dtógáil, is ceist mhaith í an ceart an fibre, an t-uisce agus an ESB a thabhairt isteach in aon turas amháin. Tá sé i gceist againn na ceisteanna sin a ardú leo. Tuigtear dom go mb'fhéidir go bhfuil cuid den chaint seo ar siúl laistigh de na heagraíochtaí seo iontu féin. Is é seo ceann de na hábhair is mó a theastaíonn uaim a phlé leo agus muid i mbun cainte leo agus an polasaí á fhorbairt againn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.