Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 9 December 2020
Joint Oireachtas Committee on Social Protection
Pandemic Supports to the Islands and Rural Ireland: Department of Rural and Community Development
Ms Sorcha de BrĂșch:
Bhí ceist amháin eile ag an Teachta Ó Cúiv maidir le cúrsaí tithíochta agus tithíocht shóisialta, go príomha. Is cinnte go bhfuil an cheist sin tagtha aníos ó roinnt de na hoileáin. Arís, tá sé i gceist a bheith ag obair leis na comhairlí contae mar aon leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ina leith. Tá cloiste agam, go háirithe maidir le hoileáin na Gaillimhe agus thíos i gCorcaigh, go bhfuil sé seo mar dhúshlán acu agus is é an rud céanna maidir le cúrsaí pleanála. Arís, tá sé i gceist againn na ceisteanna seo a thógáil agus muid i mbun cainte. Tá plean gníomhaíochta mar chuid den pholasaí atá déanta. Is rud atá ag fás, nó iterative process, é seo. Tá súil againn go mbeidh na ceisteanna seo á dtógáil agus á leigheas. Beimid in ann dul ar ais arís is arís eile chun iarracht a dhéanamh chun rudaí a fheabhsú ar na hoileáin. Táimid sásta labhairt leis an Teachta arís fúthu sin.
No comments