Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 18 June 2020
Special Committee on Covid-19 Response
State's Response to Impact of Covid-19 on Gaeltacht Areas and the Islands
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Tá dhá cheist thapa agam. Maidir le hÚdarás na Gaeltachta, tá géarchéim fostaíochta ann go forleathan ar fud na tíre. An bhfuil aon mhaoiniú breise á chur ar fáil don údarás nach raibh aige roimh an bpaindéim chun dul i ngleic le cúrsaí fostaíochta?
Tugann Comórtas Peile na Gaeltachta pobail Ghaolainne ar fud na tíre, go háirithe pobail Ghaeltachta ach pobail níos leithne chomh maith, le chéile. Feicfimid go bhfuil cúrsaí spóirt ag teacht ar ais arís. An bhfuil aon phlean don chomórtas?
Chun filleadh ar cheist na hardteistiméireachta, an raibh aon teagmháil ag Roinn an Aire Stáit leis an Roinn Oideachais agus Scileanna mar gheall ar an tslí gur fágadh muintir na Gaolainne i ról tánaisteach ansin?
No comments