Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 18 June 2020

Special Committee on Covid-19 Response

State's Response to Impact of Covid-19 on Gaeltacht Areas and the Islands

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael) | Oireachtas source

Ó thaobh an údaráis, cuireadh thart ar €200,000 breise ar fáil dó chun tacú leis an scéim jabanna ar líne. Tá pacáiste de €600,000 ann in iomlán atá le roinnt idir an t-údarás agus an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil chun cabhair a thabhairt do ghnóthaí agus comhlachtaí beaga.

Tá an ceart ag an Teachta gur comórtas fíorthábhachtach don Ghaeltacht agus don Chumann Lúthchleas Gael é Comórtas Peile na Gaeltachta. Tá cinneadh déanta ag an gcoiste sin an comórtas a chur siar go dtí an chéad bhliain eile. Sílim go mbeidh sé ag dul ar aghaidh ar cheann de na hoileáin in 2021. Beidh impleacht ansin sna blianta amach romhainn ach tá an cinneadh sin déanta.

Ó thaobh an fógra a rinne an tAire Oideachais agus Scileanna, ní raibh mé i dteagmháil leis go díreach ach tá a fhios agam go bhfuil sé ar an eolas faoi mar bhí mé ag coinneáil súil ar rudaí. Tá an tAire agus an Roinn ar an eolas faoi. Bhí sé ar na meáin shóisialta. Bhí mé ag coinneáil súil air sin so tá a fhios agam go raibh sé ar an eolas faoi na fadhbanna agus na ceisteanna.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.