Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 18 June 2020

Special Committee on Covid-19 Response

State's Response to Impact of Covid-19 on Gaeltacht Areas and the Islands

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim comhghairdeas don Teachta as suíochán a bhaint amach.

Ó thaobh impleachtaí ar eacnamaíocht na Gaeltachta, na srianta agus na himpleachtaí maidir leis na coláistí samhraidh, an chéad rud a rinne muid, agus tá sé luaite agam cheanna, ná réamhíocaíochtaí a chur ar fáil do na grúpaí atá ag freastal ar an nGaeltacht: Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge, Ealaín na Gaeltachta; Comhar Naíonraí na Gaeltachta, Tuismitheoirí na Gaeltachta, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus na comhlachtaí farantóireachta.

Mar sin, bí cinnte de go bhfuil freastal á dhéanamh ar mhuintir na Gaeltachta. Tá na comharchumainn ag déanamh jab fíor-thábhachtach agus léigh mé amach chuid de na rudaí atá siad ag déanamh trasna na Gaeltachta agus na n-oileán ó thús an ghéarchéime.

Ní d’fhéadfá níos mó ná sin a dhéanamh gan na rudaí céanna a chur ar fáil trasna na tíre. Ní bheadh cead againn ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe aon rud eile a dhéanamh seachas scéim iomlán don tír uilig. Beidh orainn an cheist sin a fhágáil don chéad Rialtas eile. B’fhéidir go mbeidh deis ag an Teachta féin ag braith ar na cainteanna agus rudaí amach anseo.

Ó taobh seirbhísí trí mheán na Gaeilge ón Roinn Oideachais agus Scileanna, tá mé sásta – tá sé luaite agam cheana – go mbíonn oifigigh na Roinne agus an tÚdarás ag teagmháil go rialta le pobal na Gaeltachta. Bíonn cruinnithe ar líne le tamall anuas leis na grúpaí atá ag maoiniú agus tá ionadaí freisin ar an gcoiste tras-rialtas atá ag plé le Covid-19 agus na ceisteanna seo á phlé acu.

Ó thaobh na n-oileán, táimid ag fanacht ar chomhairle ó NPHET ach tá an ceart ag an Teachta go mbeidh cinneadh le déanamh ag an Rialtas ina dhiaidh sin. Tá súil agam go mbeimid ag déanamh plé air sin go luath. Teastaíonn cinnteach ó na hoileánaigh go luath. Táimid dóchasach go mbeimid in ann cinneadh a dhéanamh go luath.

Ó thaobh an task force, beidh ionadaí ón údarás air, nó i dteagmháil leis ar aon nós, ar son na Roinne agus ar son na Gaeltachta agus na n-oileán. Tá súil agam go mbeidh na ceisteanna sin ó thaobh turasóireachta, na n-oileán agus rudaí mar sin á bplé. Beidh jab tábhachtach le déanamh ag an task force sin. Beidh na moltaí a dtagann sé suas leo tábhachtach. Tá súil agam go mbeidh an chéad Rialtas eile ag plé leo agus go gcuirfidh sé pacáiste ar fáil, más féidir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.