Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 18 June 2020

Special Committee on Covid-19 Response

State's Response to Impact of Covid-19 on Gaeltacht Areas and the Islands

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus leis an Aire Stáit as an gcur i láthair níos luaithe. Bhí roinnt mhaith eolais ann. B’fhéidir go bhfuil roinnt de mo cheisteanna freagartha aige cheana féin ach tá roinnt angles difriúla agam chomh maith.

Déanaim comhghairdeas leis an Aire Stáit mar ní bhfuair mé deis casadh leis ó toghadh é ina Sheanadóir agus ta a fhios agam go bhfuil sé an-ghnóthach mar Aire Stáit arís.

Buaileadh gach pobal ar fud na tíre go trom leis an bpaindéim ach bhí ualach breise chomh maith ar phobal na nGaeltachta toisc na coláistí samhraidh a chailleadh. Cuirim fáilte roimh an bpacáiste atá ansin chun cabhrú leis na coláistí samhraidh agus leis na tithe lóistín. Bhí sé sin riachtanach agus bhí sé an-tábhachtach go gcuirfí é sin ar fáil. Nuair a bhí an tAire Stáit ag féachaint ar an bpacáiste sin a chur le chéile, cén aird a tarraingíodh ar an bpobal i gcoitinne agus ar na gnóthaí eile mórthimpeall na Gaeltachta a bheadh ag brath ar an slua ón gcoláiste Gaeilge? Luaim i dtaca leis sin na siopaí, na bialanna, agus na hallaí pobail mar atá luaite cheana féin? Bhí siad sin go léir ag brath go mór ar an gcoláiste. An rabhadar sin i lár an aonaigh nuair a bhí smaoineamh á déanamh ar an bpacáiste seo a chur le chéile, mar níl aon tairbhe ann dóibh? An féidir cabhrú leo? An raibh aon aird tugtha dóibh go dtí seo nuair a bhí an pacáiste seo á chur le chéile, agus cén fáth nach mbeidís san áireamh ansin, go háirithe nuair a bhí siad ag baint an-tairbhe as an gcoláiste? Caithfimid cuimhneamh ní hamháin ar na ranganna ach ar na coláistí agus na daltaí a thagann ann. Baineann siad an-tairbhe as an bpobal agus as sprid na Gaeltachta i gcoitinne. Caithfear é sin a chothú chomh maith.

Braithim go raibh cúrsaí Gaeilge brúite siar chuig ról tánaisteach le linn na paindéime. Bhí sé sin go mór le feiceáil maidir le fógraíochta agus leis an teagmháil le muintir na Gaeilge ar fud na tíre, mar atá luaite ag an Aire Stáit féin, agus is ceart go m-imeoimis uaidh sin. B’fhéidir go bhfuil feabhas éigin tagtha air sin. Cén teagmháil a bhí ag an Aire Stáit féin leis an HSE nó leis an Roinn chun é sin a bhrú ar aghaidh agus a cheartú?

Cén teagmháil a bhí acu leis an Roinn Oideachais agus Scileanna? Seoladh teachtaireacht an-dhiúltach chuig daltaí um an ardteistiméireacht, nuair a bhí siad ag clárú i gcomhair torthaí an scrúdaithe sin. Bhí go leor teagmhála acu liom féin ag fiafraí dá mba rud go raibh siad ag clárú as Béarla go gcaillidís an bónas a bhí ar fáil. Tuigim go mbeadh na múinteoirí ag cur é sin san áireamh maidir leis an toradh ach ní raibh an t-eolas ag na daltaí ag an am.

Bhí teachtaireacht cinnte seolta chucu go raibh siad san áit tánaisteach. An raibh aon teagmháil ag an Roinn leis an Aire and leis an Roinn Oideachais agus Scileanna chun é a chur i gceart? Níor cheartaíodh é. Ní raibh tairseach ann i gcomhair muintir na Gaeilge ag deireadh an lae, nó fiú líne cabhrach agus iad ag teagmháil leis an Roinn.

Tá cúpla ceist maidir leis na hoileáin. Tuigim go dtagann mórchuid oileánach chuig an mhórthír le haghaidh oibre. Beidh siad ag iarraidh filleadh ar na hoileáin. Beidh sé mar an gcéanna le daoine a bhfuil tithe acu ar na hoileáin. An féidir soiléireacht a thabhairt dóibh siúd mar gheall ar an deis a mbeidh acu filleadh ionas go mbeidh siad cinnte an mbeidh fáilte rompu nó cad go díreach é an scéal? Tuigim go mbeidh NPHET ag bualadh le chéile níos déanaí inniu. Cuireann NPHET comhairle ar fáil; beidh an cinneadh agus an treoir á leagadh síos ag an Rialtas. An mbeidh cinneadh mar gheall air sin agus an féidir soiléireacht a thabhairt do na hoileánaigh a bhfuil ag obair ar an mórthír agus do dhaoine a bhfuil tithe acu ar na hoileáin?

Tá cúrsaí turasóireachta an-tábhacht ar na hoileáin agus sa Ghaeltacht. Tuigim go mbeidh an taskforce turasóireachta gnóthach, ach céin teagmháil a mbeidh ann le hionadaithe na n-oileán? An raibh aon teagmháil ann fós? Cad é an plean atá leagtha síos? An raibh aon teagmháil ag Roinn an Aire leis an taskforce chun a chinntiú go mbeadh riachtanais na n-oiléanach san áireamh?

Tá ceist nó dhó eile agam ach ar dtús ba mhaith liom freagraí ar na ceisteanna sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.