Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 18 June 2020
Special Committee on Covid-19 Response
State's Response to Impact of Covid-19 on Gaeltacht Areas and the Islands
Seán Kyne (Fine Gael) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an Teachta as ucht a ceisteanna. Sílim go bhfuil an coiste NPHET ag teacht le chéile inniu chun phase 3 agus phase 4 a phlé agus go bhfuil an cónasc sin le déanamh idir phase 3, 4 agus phase 5, ina raibh na hoileáin chun athoscailt ar dtús. Táimid ag fanacht ar an treoir ó NPHET agus beimid á phlé, le cúnamh Dé, ag an gcruinniú Rialtais amárach, ach braitheann sé sin ar an gcomhairle sin a bheith ar fáil ó NPHET.
Ó thaobh an pacáiste cúitimh atá luaite ag an Teachta, tá impleacht ar an eacnamaíocht chuile áit sa tír, ní amháin ar na hoileáin agus sa Ghaeltacht, agus ní féidir rud éigin a dhéanamh d’óstán ar oileán nach mbeimid ag déanamh d’óstán in aon áit eile sa tír. Má tharlaíonn aon rud ina thaobh sin, tiocfaidh sé ón Rialtas trí phacáiste cúitimh ón Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt nó rud éigin mar sin. Níl mé in ann a rá go mbeidh a leithid de rud ann ach tá task force ann faoi láthair. Ní bheidh an Roinn seo in ann pacáiste cúitimh a chur ar fáil do na hoileáin gan comhairle agus cead a fháil ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, so sin ceist don Aire Airgeadais. Tá impleachtaí na géarchéime Covid ar eacnamaíocht na tíre pléite againn ag bord an Rialtais agus sa Dáil. Le bheith soiléir, ní bheimid ag déanamh rud éigin do na hoileáin nach mbeidh déanta d’aon áit eile ó thaobh cúitimh de. Ní bheimid in ann é sin a dhéanamh.
No comments