Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 18 June 2020

Special Committee on Covid-19 Response

State's Response to Impact of Covid-19 on Gaeltacht Areas and the Islands

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source

An rud is tábhachtaí ná go dtéann an Roinn i dteagmháil go díreach le muintir na n-oileán chomh luath agus atá cinneadh nó moladh de chineál éigin déanta i leith athoscailt na n-oileán.

Tá cúpla ceist agam maidir leis an uisce, rud atá pléite againn inniu freisin. Tá srianta uisce i bhfeidhm ar roinnt de na hoileáin amuigh ón gcósta faoi láthair agus tá siad ag cur an-bhrú ar mhuintir na n-oileán. Bíonn an cheist seo ag crá croíthe na n-oileánacha gach uile bhliain, mar is eol don Aire Stáit. I ndáiríre, caithimid teacht ar réiteach fadtéarmach ar an fhadhb seo. Ba cheart don Roinn dul ag obair air sa chaoi is nach mbeimid á phlé arís an bhliain seo chugainn. Tá an fhadhb níos measa arís le linn paindéime.

An bhfuil an Roinn ag obair ar phlean chun an fhadhb seo a réiteach? Sampla maith de na himpleachtaí tromchúiseacha a bhíonn aige seo ar na hoileáin is ea an srian uisce ar Inis Oírr ó 5 p.m. gach lá, dhá uair sula dtagann an bád farantóireachta deireadh isteach ag céibh Inis Oírr. Ba mhaith liom fíor ón Aire Stáit air seo agus is dócha go n-aontaíonn sé liom ach ní chloíonn sé seo leis an gcomhairle sláinte phoiblí gur féidir le daoine teacht isteach agus nach féidir leo a gcuid lámha a ní. Bhí muintir Inis Meáin i dteagmháil liom ag rá go raibh srian ar an uisce ó 9 p.m. go 9 a.m. agus ag an am sin, mar gheall go bhfuil caidéal lochtach ar an oileán, ní raibh roinnt tithe i mBaile na Seoigheach ag fáil uisce go dtí 8.30 p.m. agus ansin bhí sé á chaitheamh as arís ag 9 p.m. Bhí mé i dteagmháil le Uisce Éireann faoi sin agus dúirt mé go dteastaíonn caidéal nua ach arís, ní chloíonn sé seo le comhairle sláinte phoiblí agus níl sé sin sách maith le linn paindéime. Tá mé buartha go bhfuil sé seo ag tarlú ar na hoileáin agus dá mbeadh sé ag tarlú i gcathair ar nós Baile Átha Cliath ní cheapfadh daoine go bhfuil sé sin sách maith le linn paindéime den chineál seo.

Luaigh an Teachta Connolly go raibh muid ag éisteacht le "Adhmhaidin" ar maidin faoin bhrú atá ar feirmeoirí ar Inis Meáin freisin. Mar is eol don Aire Stáit, tá na feirmeoirí ag cur a gcuid beithíoch ar bháid agus iad á gcur chuig Maigh Eo. Tá go leor costas ag baint leis sin. Luaigh an tAire Stáit an céibh in Inis Oírr agus ba bhreá liom é dá mbeadh sé in ann tuilleadh sonraí a thabhairt dom faoi sin. Tá sé sin ina chrá croí do mhuintir Inis Oírr freisin.

Ba mhaith liom na hionaid phobail a lua leis an Aire Stáit. Tá sé iontach go bhfuil an scéim sin de €4.7 milliún a thugann faoiseamh do na fir agus na mná tí ann agus cuirim fáilte roimhe sin. Áfach, tá a fhios againn go bhfuil na hionaid phobail sa Ghaeltacht ag fulaingt. Tá aithne mhaith ag an Aire Stáit ar ionad pobail Chill Chiaráin i gceantar Iorras Aithneach agus ar an gcoláiste samhraidh a bhíonn ar siúl sa cheantar sin. Deireann an coiste phobail áitiúil go gclúdaíonn an t-airgead a fhaigheann sé ón gcoláiste sin thart ar 50% de na costais a bhíonn orthu as an ionad pobail sin a choinneáil ag imeacht. Is iad cúrsaí árachais agus deimhniú sábháilteacht ó dhóiteán is mó a bhíonn sna costais sin. Mar sin, muna bhfuil an t-árachas agus an teastas sin aige, ní féidir leis an halla a oscailt. Tá an t-airgead aige i gcomhair árachais ar feadh mí nó mí go leith agus tá sé ag íoc an buanordú. Muna bhfuil an t-airgead aige, beidh air é a dhúnadh. Má stopann sé leis an bpolasaí árachais sin, ní bheidh sé in ann é a athoscailt. Mar sin, tá súil agam go n-éisteann an tAire Stáit leis an méid atá ráite ag roinnt Theachtaí inniu agus go gcuireann an Roinn cúiteamh de chineál éigint ar fáil do na hionaid phobail sin. Tá siad difriúil mar gheall go bhfuil siad ag brath ar an airgead ó na cúrsaí de chuid na coláistí samhraidh chun a choinneáil ar oscailt.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.