Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 18 June 2020

Special Committee on Covid-19 Response

State's Response to Impact of Covid-19 on Gaeltacht Areas and the Islands

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Tréaslaím leis as an obair ar fad atá déanta aige le linn na paindéime seo. Bhí sé i gcónaí sásta ceisteanna a fhreagairt.

Molaim go mór an pacáiste cúitimh do na mná agus fir tí.

Mar atá a fhios ag an Aire Stáit agus mar atá luaite anseo cheana, tá an-imní ar na hoileáin maidir le cén uair a osclófar iad arís do thurasóirí. Tá mé féin agus an Aire Stáit tar éis a bheith ag caint le daoine ó Inis Meáin, Inis Oírr agus Inis Mór le laethanta agus seachtainí anuas, agus tá sé soiléir go bhfuil imní orthu. Tá roinnt acu ag iarraidh go n-osclófar na hoileáin an samhradh seo agus tá daoine eile nach bhfuil á iarraidh sin. Tá roinnt gnólachtaí, go mór mór, ag iarraidh go n-osclófar arís iad. Beidh orainn breathnú ar an toradh d’aon phobalbhreith a dhéantar, ach teastaíonn treoir shoiléir ón Roinn freisin.

Mura bhfuil na hoileáin chun athoscailt, beidh pacáiste cúitimh ag teastáil go géar ó na gnólachtaí ann. Dúradh leo ar dtús go n-osclódh na hoileáin ar 10 Lúnasa, ach tá an géarú ar an bpróiseas le srianta Covid-19 a bhaint ag cothú go leor éiginnteacht agus breathnaíonn sé ar nós go mbeidh an plean sin ag athrú. Tá roinnt de mhuintir Árann ag cur fúthu i mBaile Átha Cliath, Londain agus áiteanna eile. Níl deis faighte acu aghaidh a thabhairt ar an mbaile le trí mhí anuas ach bhíodar sásta na treoracha sin a leanúint chun sláinte an phobail sin a chosaint.

Dúirt an tAire Stáit go mbeidh cruinniú ann faoin ábhar seo anocht. An bhfuil sé ag rá go mbeidh treoir shoiléir againn amárach nó an tseachtain seo chugainn? Teastaíonn treoracha uainn agus beidh orainn éisteacht le muintir na háite freisin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.