Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 18 June 2020

Special Committee on Covid-19 Response

State's Response to Impact of Covid-19 on Gaeltacht Areas and the Islands

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Chuir sí ceisteanna an-tábhachtach. Bhí mé i dteagmháil leis na comharchumainn faoi na fadhbanna ar na hoileáin ó thaobh na mbeithígh mar gheall ar easpa uisce agus easpa báistí. Níl sé ag cur báistí ar na hOileáin Árann ó mhí an Mhárta. Bhí mé i dteagmháil le comhairleoir speisialta an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Teachta Creed, inné. Tá sé ag breathnú air sin. D'iarr mé air comhairleoirí ó Theagasc a sheoladh chuig na hoileáin chun breathnú ar na rudaí sin agus teacht ar ais chuig an Aire le féidearthachtaí. Tá a fhios agam go gcuirtear pacáistí cúitimh ar fáil in amanna mar seo. D'iarr mé air breathnú ar an bhfuil cás ag na hoileán cabhair a fháil. Sílim go bhfuil.

Tá an ceart ag an Teachta ó thaobh na heaspa uisce ar na hoileáin go ginearálta. Bíonn fadhbanna ag Comhairle Contae na Gaillimhe agus bíonn na fadhbanna céanna ag Uisce Éireann. Tá siad ag caitheamh airgid chun uisce a thabhairt isteach. Caithfidh siad níos mó a dhéanamh ó thaobh infheistíochta i bpíopaí ón mórthír, mar atá luaite ag daoine, nó ó thaobh cóireála uisce ar na hoileáin. Tá scéim ann, AranLIFE. Is deascéal é ó thaobh na n-oileán. Tá togra déanta ansin. Tá a lán water catchers do bheithígh tógtha trasna na trí oileán. Tá siadsan tábhachtach chuile bhliain, i mbliana ach go háirithe. Is deascéal é sin.

Maidir le hathoscailt na n-oileán, tá a fhios agam go bhfuil an chuid is mó de na hoileáin ina choinne. Bhí mé i dteagmháil lena lán daoine in Árainn, in Inis Bó Finne agus i gCorcaigh. Bhí mé i dteagmháil le mo chomhghleacaí, an tAire, an Teachta McHugh, faoi oileáin Dhún na nGall freisin. Tá a fhios agam go bhfuil daoine buartha faoi. Bhí a lán de na hoileánaigh sásta leis an dáta 10 Lúnasa. Anois, mar gheall ar chinneadh NPHET, caithfimid breathnú air sin arís. Tá súil agam go mbeidh comhairle againn go luath. Mar a dúirt mé, tá moltaí, smaointe agus comhairle curtha ar aghaidh chuig Roinn an Taoisigh againn. Tá a fhios agam go bhfuil sé faighte ag feidhmeannaigh NPHET. Táimid ag fanacht ar an gcomhairle. Beidh sé á phlé ag cruinniú Rialtais. Beidh mé ag cur na ceisteanna atá luaite ag an Teachta agus ag baill eile an choiste ar mo chomhghleacaí agus luafaidh mé an méid atá faighte agam ó na hoileánaigh.

Ar an dtaobh eile, mar a dúirt mé féin agus a lán daoine eile, tá gnóthaí faoi bhrú agus ag iarraidh oscailt arís. Tá an samhradh fíorthábhachtach do na gnóthaí sin. Tá cuid acu ag iarraidh athoscailt chomh luath agus is féidir. Níl mé ag rá go bhfuil chuile cheann ag iarraidh é sin ach tá an chuid is mó dóibh á iarraidh. Caithfimid cothromaíocht idir an dá thaobh a thógáil san áireamh in aon chinneadh a dhéanfaimid. Tá a fhios agam go bhfuil imní orthu agus go bhfuil siad buartha faoi athoscailt luath. Má tharlaíonn sé - ba cheart dom "nuair a tharlaíonn sé" a rá mar beidh na hoileáin oscailte go cinnte - ní bheidh na huimhreacha céanna ag dul amach go dtí na hoileáin ar bháid nó in eitleáin de bharr na srianta ó thaobh social distancing, más rud é go bhfuil siad fós i bhfeidhm.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.