Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 18 June 2020

Special Committee on Covid-19 Response

State's Response to Impact of Covid-19 on Gaeltacht Areas and the Islands

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

D'fháiltigh mé roimh an bpacáiste ó thaobh na coláistí samhraidh de, agus tá na mná tí ceangailte leis an mhéid sin. Rinne an Rialtas an cinneadh ceart. Thóg sé am, ach tá mé thar a bheith sásta go ndearnadh an cinneadh ceart. Níl mé ag iarraidh an iomarca a rá faoi na scéimeanna a luaigh an tAire Stáit, ach ba mhaith liom aitheantas a thabhairt dóibh. Ní aontaím leis an Aire Stáit, áfach, go bhfuil "an scéal céanna trasna na tíre". Is rudaí faoi leith iad na hoileáin. Tá costais bhreise i gceist ar na hoileáin. Tá dúshláin faoi leith acu. Ní mar a gcéanna iad. Ní féidir áiféal a dhéanamh faoi chomh buartha is atá muintir na hoileáin. Bhí daoine as na trí Oileáin Árann agus Inis Bó Finne i dteagmháil liom. Ní mór dom a rá nach bhfuil aon easpa cinnteachta anseo ó thaobh formhór na ndaoine de. Tá sé ráite go soiléir acu go bhfuil siad buartha. Tá sé thar a bheith soiléir i bhformhór na n-aighneachtaí atá faighte agam go bhfuil siad ag iarraidh nach n-osclófar na hoileáin roimh am. Tuigim an scéal ar an lámh eile, mar atá leagtha amach ag gnó nó dhó, b'fhéidir, ach is léir go bhfuil cinnteacht ag teastáil chomh sciobtha agus is féidir.

Caithfidh mé a rá go bhfuil mé beagáinín buartha faoi NPHET. Nuair a chuaigh mé tríd na miontuairiscí, ba léir dom nár thug NPHET aird faoi leith do na hoileáin, i ndáiríre, ach amháin ó thaobh taistil de. Tá a fhios agam go bhfuil NPHET gnóthach. Níl aitheantas ar bith tugtha ag NPHET do na fadhbanna atá ag na hoileánaigh. Tá a fhios ag an Aire Stáit go bhfuil siad ag streachailt le easpa uisce. An bhfuil NPHET ar an eolas sin? Tá siad ag streachailt freisin maidir le easpa bia do na beithígh. Chuala an tAire Stáit agus mé féin fear ó Inis Meáin inniu ag cur in iúl an faitíos a bhíonn air chuile lá nuair a théann sé amach go mbeidh na beithígh marbh ar an talamh de bharr easpa bia. An raibh an tAire Stáit i dteagmháil leis an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara? An bhfuil tacaíocht ar bith le fáil? Tá sé ag teastáil go práinneach anois. Tiocfaidh mé ar ais go dtí pacáiste tarrthála eile.

Tá a fhios ag an Aire Stáit go bhfuil na hoileáin i dtrioblóid ó thaobh na céibheanna de. Chuala mé an dea-scéal ón Aire Stáit go bhfuil na hoifigigh i mbun tairiscintí a réiteach. Tá léargas tugtha agam ar chuid de na fadhbanna lena bhfuil muintir na hoileáin ag streachailt. Ní féidir a rá go bhfuil an fhadhb seo mar a gcéanna ag gach duine ar fud na tíre. Níl sé sin fíor. Tá sé nochtaithe go soiléir go bhfuil easpa polasaí agus easpa reachtaíocht i gceist chun cabhair dhlíthiúil agus aitheantas a thabhairt do na hoileánaigh. Tá a fhios agam go bhfuil an Rialtas i mbun oibre, agus tá a fhios agam ón bhfreagra atá faighte agam go bhfuil Covid tar éis cur isteach ar na cruinnithe. Bhí orm brú damanta a chur ar an gcóras chun tús a chur leis an bpróiseas sin. An bhfuil aon eolas ag an Aire Stáit i dtaobh cén uair a bheidh an polasaí foilsithe? Tá sé ag caint faoi phlean gníomhaíochta, ach ba chóir go mbeadh an plean sin bunaithe ar pholasaí agus ar reachtaíocht. Ní féidir dul ar aghaidh mar seo. Tá éacht déanta ag muintir na n-oileáin agus ag na comharchumainn. Mar is eol don Aire Stáit, tá trí dhualgas ar Údarás na Gaeltachta. Tá i bhfad níos mó dualgais ar an Údarás ná mar atá ar IDA Ireland nó Fiontraíocht Éireann. Tá an tÚdarás thíos leis na blianta - ó bhí 2008 ann - ó thaobh airgead de.

Is é sin an méid gur féidir liom a rá. Ba mhaith liom an méid atá ag teastáil uaim a leagan amach arís. Cén t-ionchur a bheidh ag muintir na n-oileán nuair a bheidh an cinneadh seo á dhéanamh ag NPHET? Tá an t-ionchur sin ag teastáil ionas go mbeidh NPHET ar an eolas go hiomlán. An bhfuil pacáiste práinneach tarrthála i gceist ó thaobh na feirmeoirí atá ag streachailt gan bhia?

Sa téarma níos faide, ach sa bhliain seo, cén pacáiste a bheidh ar fáil, mar tá an séasúr turasóireachta seo scriosta, nach bhfuil? Ní mór dúinn é sin a admháil agus rud a dhéanamh faoi.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.