Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 18 June 2020
Special Committee on Covid-19 Response
State's Response to Impact of Covid-19 on Gaeltacht Areas and the Islands
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá ceist eile agam ar ghné eile a bhaineann ní hamháin leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus le gach uile Roinn, ach go háirithe le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Tá ról ag an Aire Stáit ann mar Aire Stáit sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Tagraím don bheagán fógraí nó míchothromas atá ann maidir le fógraíocht Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Botún ón Rialtas ina hiomlán atá ansin nach bhfuil an méid chéanna caite ar fhógraíocht i nGaeilge ar líne, ar na meáin agus ar leithéidí Twitter agus Facebook. An mbeidh gearán ag teacht ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta dírithe ar na Ranna eile agus an raibh an Aire Stáit ag ardú ceist na fógraíochta mar gheall ar Covid-19 sa tréimhse seo leis na hAirí ag fiafraí cén fáth nach raibh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag cloí leis an riail gur chóir go mbeadh an méid chéanna fógraíochta déanta as Gaeilge, fiú sa chruachás ina rabhamar?
No comments