Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 18 June 2020

Special Committee on Covid-19 Response

State's Response to Impact of Covid-19 on Gaeltacht Areas and the Islands

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael) | Oireachtas source

Tá an cheist sin freagartha agam i mo ráiteas tosaigh. Tá réamhíocaíocht déanta agam d'Údarás na Gaeltachta. Tá €2.35 milliún ann sa deontas caipitil le haghaidh chúrsaí pá, pinsin agus riaracháin. Tá €1.099 milliún ann le haghaidh gníomhaíochtaí teanga agus pobal, agus tá €1 milliún ann le haghaidh pleanáil teanga d'Údarás na Gaeltachta. Rinneadh réamhíocaíocht d'Údarás na Gaeltachta mar gheall ar an ngéarchéim seo. Tá sé sin luaite freisin leis an €600,000 sa bhreis. Tá a lán scéimeanna atá fógartha ag an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta ar fáil do chliaint chomhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta, ach tá an caidreamh sin ag dul ar aghaidh idir an dá thaobh agus táimid dóchasach go mbeimid in ann rud éigin a fhógairt go luath agus go mbeidh fáil ar airgead ag Údarás na Gaeltachta tríd an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.