Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 18 June 2020
Special Committee on Covid-19 Response
State's Response to Impact of Covid-19 on Gaeltacht Areas and the Islands
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Cad é an rud sa bhreis? Má tá sé ar fáil do gach uile earnáil eile timpeall na tíre tríd Enterprise Ireland nó tríd aon chomhlacht eile, fiú tríd an Rialtas, níl aon idirdhealú á dhéanamh nó níl aon tacaíocht sa bhreis ar fáil d'Údarás na Gaeltachta nach bhfuil ar fáil in aon áit eile. An bhfuil airgead sa bhreis ar fáil dó chun cuidiú leis athruithe a dhéanamh sna foirgnimh atá ann? Tá roinnt díobh as dáta ar aon chaoi. An bhfuil airgead sa bhreis ann chun stuif sa bhreis a fháil agus chun a dhéanamh cinnte de gur féidir leis an gnáthphobal atá ag obair sna monarchana agus sna hionaid trádála nó a leithéid i gceantair Ghaeltachta leanacht ar aghaidh? An bhfuil airgead sa bhreis ar fáil dóibh? An bhfuil aon airgead nó infheistiú sa bhreis déanta in Údarás na Gaeltachta le ceithre mhí nó mar sin anuas agus muid ag déileáil le Covid-19?
No comments