Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 18 June 2020

Special Committee on Covid-19 Response

State's Response to Impact of Covid-19 on Gaeltacht Areas and the Islands

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta as sin. Ar dtús, go pearsanta, bheinn an-sásta a bheith i m’Aire sinsearach do chúrsaí Gaeilge. Chaill mé mo shuíochán, mar is eol don Teachta. Bhí ról ag a pháirtí sa rud sin, ach is é sin scéal eile.

Maidir le hairgeadú Údarás na Gaeltachta, tá an ceart ag an Teachta go bhfuil an €600,000 ansin fógartha againn maidir le dearbháin ar líne agus tá tábhacht ar leith ag baint leis sin trasna na tíre mar gheall go bhfeiceann daoine anois an tábhacht a bhaineann le rudaí mar chúrsaí ar líne. Is maith an rud go bhfuil sé sin ag tarlú ar aon nós agus go bhfuil deis ag daoine agus ag comhlachtaí beaga tríd Údarás na Gaeltachta úsáid a bhaint as an scéim sin.

Maidir le hÚdarás na Gaeltachta, tá caidreamh aige agus leis an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta go seachtainiúil tríd an ngéarchéim. Gach rud atá ar fáil trí Fiontar Éireann, tá sé ar fáil do chomhlachtaí sa Ghaeltacht freisin. Tá dul chun cinn déanta maidir le pacáiste don údarás tríd an an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta agus sílim go bheidh fógra déanta go luath agus táim dóchasach faoi sin. Tá chuile rud atá ar fáil taobh amuigh den Ghaeltacht ar fáil tríd Údarás na Gaeltachta do na comhlachtaí sa Ghaeltacht freisin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.