Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 18 June 2020

Special Committee on Covid-19 Response

State's Response to Impact of Covid-19 on Gaeltacht Areas and the Islands

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Tá sé deacair tuiscint a bheith againn nuair nach bhfuil sé sa seomra agus muid ag caint leis an teilifís. De ghnáth nuair a bhím ag caint leis an teilifís bím ag scread air agus mé ag féachaint ar chluichí sacair nó peile.

Is maith an rud go bhfuil an deis seo againn labhairt istigh sa Dáil as Gaeilge ar cheisteanna Gaeilge, ach is trua gur coiste atá ann agus táim tar éis an cheist seo a thógáil leis an gCeann Comhairle ó lár Mhí an Mhárta le go mbeadh Aire ag teacht os comhair na Dála ag déileáil leis na ceisteanna. Dúirt an tAire Stáit i gcónaí go raibh sé sásta ach go raibh srian air. Measaim féin gur is trua nach bhfuil sé anseo mar Aire sinsearach ach nach bhfuil an Dáil ag déileáil ach gur coiste atá ann. I ndeireadh thiar thall tá sé go maith agus is léiriú é ar an ngá chun Aire sinsearach a bheith ann le Gaeilge chun déileáil le ceisteanna Gaeilge agus Gaeltachta, agus ní caitheamh anuas ar an Aire Stáit é seo in aon chor. Bhí sé i gcónaí ar fáil agus sásta na ceisteanna seo a fhreagairt. Is ceist mhór é agus b’fhéidir go bhfuil freagra ag an Aire Stáit go mbeidh sé in ann í a roinnt linn, is é sin, an mbeidh Aire sinsearach ann a bheidh in ann déileáil le ceisteanna mar seo ar bhonn seachtainiúil, más gá. Is é sin ceann de na laigí is mó ó thaobh na Dála seo agus na tréimhse seo, nach raibh ceisteanna Gaeilge agus Gaeltachta chun cinn. Bhíomar ag déileáil le gach uile cheist eile ach nach rabhamar ag déileáil leis an nGaeilge i gceart go dtí seo.

Is í ceann de na ceisteanna is mó atá ag déanamh tinnis orm, ar a lán daoine in earnáil na Gaeilge agus dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht is ea na ceisteanna a chuireann daoine mar gheall ar na coláistí samhraidh agus na mná tí. Tá ceist amháin agam ar mhaith liom a dhíriú isteach ar Údarás na Gaeltachta. Luaigh an tAire Stáit tamall gairid ó shin an scéim dearbháin, trádáil ar líne, agus tá sé go maith. Tá sé sin ar fáil ag a lán daoine seachas siúd atá sa Ghaeltacht. Cad é an rud breise atá déanta aige agus an t-airgead breise atá infheistithe ag an Rialtas in Údarás na Gaeltachta chun cuidiú leis an údarás teacht timpeall ar deacrachtaí breise a bheith aige de thairbhe an chruachás Covid-19 agus na faidhbe atá at teacht romhainn ó Brexit agus a thuilleadh? Is stuif breise anuas é seo ón méid a bhí geallta agus más féidir an cheist sin a fhreagairt ar dtús báire, tiocfaidh mé ar ais le ceisteanna faoi nithe eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.