Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 18 June 2020

Special Committee on Covid-19 Response

State's Response to Impact of Covid-19 on Gaeltacht Areas and the Islands

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael) | Oireachtas source

Mar Aire Stáit le freagracht as an nGaeilge, an Ghaeltacht agus na hoileáin, fáiltím roimh an deis seo labhairt leis an gcoiste maidir le cúrsaí Gaeilge, Gaeltachta agus oileánda.

Tá tionchar tromchúiseach imeartha ag Covid-19 ar phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge araon agus, dár ndóigh, ar phobail na n-oileán. Thuig muid ón tús i mo Roinn gur mar seo a bheadh agus, mar sin, ceann de na céad bearta a thug muid faoi sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ag tús na géarchéime ná réamhíocaíochtaí a dhéanamh leis na heagrais Ghaeilge, Ghaeltachta agus oileánda a bhíonn ag brath ar mhaoiniú na Roinne chun a gcuid seirbhísí a reáchtáil, lena chinntiú go raibh dóthain maoiniú acu go dtí deireadh mí Bealtaine ar a laghad. I measc na n-eagraíochtaí agus na scéimeanna a fuair réamhíocaíochtaí ó mo Roinn, bhí: Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge; scéim na gcúntóirí teanga; clár na gcluichí Gaelacha; Ealaín na Gaeltachta; Comhar Naíonraí na Gaeltachta; Tuismitheoirí na Gaeltachta; Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge; na comhlachtaí farantóireachta agus aeir a dhéanann freastal ar na hoileáin; agus na comhlachtaí forbartha ar na hoileáin.

Bhí tionchar dearfach ag an gcur chuige seo, dár ndóigh, ar ábáltacht Údaras na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge a gcuid cliantghrúpaí féin a mhaoiniú le linn na paindéime agus, san áireamh anseo, tá na comharchumainn Ghaeltachta agus an sé cheanneagraíocht atá faoi chúram Fhoras na Gaeilge. Thug sé seo cinnteacht maidir lena gcuid ioncaim do na grúpaí sin ar fad agus thug sé spás dúinn sa Roinn dul i mbun cainte leis na grúpaí éagsúla agus tabhairt faoi na dúshláin nua seo a bhí amach romhainn. Níos tábhachtaí fós, chiallaigh an beart seo go raibh pá seachtainiúil fós ag teacht isteach chuig teaghlaigh na ndaoine atá ag obair leis na heagraíochtaí éagsúla ar fud an oileáin atá gníomhach in earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta agus ar na hoileáin.

Ó shin i leith, tá oifigigh mo Roinne i dteagmháil rialta lenár gcuid custaiméirí ar mhaithe le tacú leo teacht tríd an ngéarchéim. Le linn an ama seo, tá roinnt bearta éigeandála curtha i bhfeidhm againn ar mhaithe le tacaíochtaí ar leith a dhíriú ar na hearnálacha is mó atá ag fulaingt de bharr Covid-19.

Ar 20 Aibreán, d’fhógair mo Roinn nach reáchtálfaí aon chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht an samhradh seo de bharr na paindéime ar mhaithe le sláinte phoiblí a chosaint. Thuig mé go maith na dúshláin ar leith atá roimh na pobail Ghaeltachta de bharr an chinnidh seo agus thuig mé go raibh beart sonrach ag teastáil chun inmharthanacht leanúnach na hearnála a chinntiú. Dá réir sin, an mhí seo caite, d’fhógair mé go raibh ciste beart éigeandála aon uaire ar fiú €4.7 milliún é ceadaithe chun tacú le cobhsú earnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht.

Faoin tionscnamh cobhsaithe seo, cuirfear tacaíocht ar fiú suas le €3.1 milliún é i dtreo údaráis na gcoláistí le cur ar a gcumas táillí agus éarlaisí a aisíoc le tuismitheoirí agus cuirfear €1.6 milliún ar fáil chun tacú leis an 700 teaghlach Gaeltachta incháilithe a chuireann lóistín ar fáil dóibh siúd a fhreastalaíonn ar cheann de na 42 coláiste samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht a bhfuil aitheantas acu faoin scéim. Gabhaim buíochas le CONCOS, scátheagraíocht na gcoláistí samhraidh, a d’oibrigh go dlúth linn le cúpla mí anuas chun teacht ar an réiteach seo.

Mar atá a fhios ag an gcoiste, tá comhlachtaí ar fud na tíre, an Ghaeltacht san áireamh, faoi bhrú ollmhór de bharr ghéarchéime Covid-19, le caillteanas post i gceist agus éiginnteacht maidir le céard atá amach rompu.

Tá Údarás na Gaeltachta i dteagmháil díreach le gnólachtaí Gaeltachta chun tacú leo i rith na tréimhse seo. Anuas ar sin, tá mo Roinn agus an t-údarás ag obair as lámha a chéile le Ranna agus eagrais forbartha eile, Fiontar Éireann go háirithe, ar chur chuige aontaithe i leith Covid-19 chun a chinntiú go bhfuil cliaint chomhlachtaí de chuid an údaráis ar an eolas maidir leis an gcomhairle is déanaí agus na tacaíochtaí éagsúla atá ar fáil don earnáil ghnó.

Ina measc siúd tá an scéim dearbháin trádála ar líne, agus cuireadh €600,000 breise ar fáil d’Údarás na Gaeltachta chun é a sholáthar sa Ghaeltacht le roinnt seachtainí anuas. Tá an-éileamh ar an scéim seo de bharr Covid-19 agus is chuige sin a cheadaigh mé féin agus mo chomhghleacaithe Rialtais an maoiniú breise seo.

Gach bliain, reáchtáiltear beagnach 200 campa samhradh sa Ghaeltacht agus freastalaítear ar níos mó ná 6,000 páiste. Gan aon chinnteacht go mbeifear in ann dul ar aghaidh le campaí samhraidh sa ghnáth bhealach de bharr Covid-19 an samhradh seo, d’fháiltigh mé roimh an bhfógra an tseachtain seo caite go mbeidh TG4, le tacaíocht airgeadais mo Roinne, ag craoladh sraith chláir teilifíse Campaí Cúla4 cúig lá sa tseachtain ar feadh cúig sheachtainí i rith an tsamhraidh.

Ó thús na géarchéime, d’aithin an Roinn an chontúirt a bhainfeadh le scaipeadh Covid-19 i measc na bpobal atá lonnaithe ar na hoileáin. Tá eacnamaíocht na n-oileán ag brath go mór ar an earnáil turasóireachta. I 2019, thaisteal beagnach leath mhilliún paisinéir ar na seirbhísí atá fóirdheonaithe ag an Roinn. Bhí an-imní ann go scaipfeadh an víreas dá bhfágfaí amchláir na seirbhísí fóirdheonaithe mar a bhí siad.

Ag tús Mhárta, rinne an Roinn teagmháil leis na comharchumainn agus na heagraíochtaí forbartha ar na hoileáin ag iarraidh orthu mianta na n-oileánacha a lorg agus teacht ar shocrú leis na farantóirí agus lucht seirbhís aeir le go gcuirfí amchláir laghdaithe i bhfeidhm. Iarradh go gcinnteofar sna hamchláir nua go mbeadh seirbhís dhóthanach ann nach bhfágfadh na hoileánaigh gan bealach amach chuig an mórthír. Theastaigh uainn a chinntiú freisin go bhféadfaí treoirlínte Fheidhmeannas na Seirbhísí Sláinte maidir le haonrú sóisialta a chur i bhfeidhm ar na báid agus eitleáin a bhí in úsáid ar na seirbhísí éagsúla.

Chun na socraithe nua seo a chur i bhfeidhm, b’éigean do mo Roinn agus na soláthraithe paisinéirí agus lastais teacht ar shocrú maidir le híocaíochtaí do na seoltaí nár déanadh de réir na hamchláir leasaithe. Tá moladh mór ag dul do na comhlachtaí farantóireachta agus aeir mar gheall ar chomh tiomanta is a bhí siad chun sláinte na bpobal ar a mbíonn siad ag freastal a chosaint agus muid ag iarraidh teacht ar an socrú nua seo.

Ar 27 Aibreán, d’fhógair an Taoiseach go mbeadh srianta nua ag teacht i bhfeidhm le dul i ngleic le géarchéim Covid-19. Fógraíodh nach mbeadh cead ach acu siúd a bhfuil buanchónaí orthu ar na hoileáin agus iad siúd a bhíonn ag cur seirbhísí riachtanacha ar fáil bheith ag taisteal isteach agus amach chuig na hoileáin.

Ag eascairt ó fhógra an Taoisigh, rinne mo Roinn teagmháil leis na comharchumainn agus le heagraíochtaí forbartha na n-oileán arís ag iarraidh orthu tuilleadh leasaithe a dhéanamh ar na hamchláir. Déanadh é sin go fonnmhar agus cuireadh na hamchláir i bhfeidhm láithreach.

Táim féin agus oifigigh mo Roinne i dteagmháil rialta le pobail na n-oileán ó shin maidir le hathoscailt na n-oileán. Tuigim go rímhaith go bhfuil na pobail seo imníoch i gcónaí maidir le scaipeadh an víris agus, ar an taobh eile den scéal, go bhfuil lucht ghnó na n-oileán ag iarraidh tosú ag trádáil arís. Tuigtear dom go bhfuil an CMO le comhairle a chur ar an Rialtas an tseachtain seo maidir le freastal ar na riachtanais éagsúla seo.

Is cinnte go bhfuil Covid-19 tar éis go leor brú a chur ar na pobail ar a bhfuil mo Roinn ag freastal, ach sílim go bhfuil iarracht déanta againn sa Roinn caitheamh go tuisceanach leis na pobail sin le linn na géarchéime ar mhaithe leis an tsláinte phoiblí a chosaint agus muid uile, mar phobal amháin, a thabhairt slán tríd an ghéarchéim seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.