Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 18 June 2020

Special Committee on Covid-19 Response

State's Response to Impact of Covid-19 on Gaeltacht Areas and the Islands

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas don Teachta as an gceist tábhachtach sin. Ós rud é go bhfuil ionadaíocht ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ar an gcoiste cumarsáide idir-rannach atá bunaithe ag an Rialtas mar fhreagra ar ghéarchéim Covid-19, is ar an Roinn seachas ar Fhoras na Gaeilge a thit an dualgas chun Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a chur ar an eolas maidir leis an riachtanas chun ábhair fhaisnéis don phobal a chur ar fáil i nGaeilge. Tá an cheist seo ardaithe ag ionadaí na Roinne ar bhonn rialta agus tuigtear don Roinn go bhfuil raon leathan fáisnéis curtha ar fáil i nGaeilge. Mar shampla, tá an information booklet do Covid-19 foilsithe as Gaeilge agus cuireadh é sin amach do gach uile theach sa tír.

The leaflet was produced in both Irish and English. All tiers of the Department of Health public information posters were also published in Irish, as was the cocooning information from the Department. HSE information campaign posters about how to prevent symptoms and explaining who is at risk were also published bilingually, as were the Covid-19 hand hygiene poster, television advertisements about symptoms and messages about prevention, staying at home and cocooning. The daily press releases are translated into Irish and posted to the website of the Department of Health. I am told that content on that website is regularly updated and translated into Irish.

The passenger locator form is produced in English and Irish, as was the public health locator form before it. Táim sásta go bhfuil a lán eolais ar fáil trí mheán na Gaeilge, mar is ceart. Is ceart go mbeimid ag plé na rudaí seo. Ag an am céanna, is ceart an cheist a ardú. Táim sásta go bhfuil a dóthain déanta ag an Roinn. Mar a dúirt mé, tá feidhmeannaigh ó mo Roinn ar an gcoiste cumarsáide trasrannach. Táim ag coinneáil súil ar na rudaí seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.