Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 9 April 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): An Roinn Oideachais agus Scileanna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Níl mé ag iarraidh a bheith diúltach faoi seo ach ceapaim go bhfuil chuile cheann de na réitigh seo a bhfuil daoine tar éis teacht aníos leo místuama. Má tá deifir ar dhaoine ní bhadrálfaidh siad leis an dul timpeall seo ar fad. Beidh siad ag iarraidh labhairt leis an duine a bhfuil an comhad aige nó aici. Déanfar é sin. Is é an difríocht idir é sin agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ná má ghlaonn duine ar an gcuid den Roinn sin atá ag plé leis an nGaeltacht, seachas cultúr agus oidhreacht, siar sna Forbacha is í an teanga a úsáideann an fhoireann ar fad ná Gaeilge. Tá sé níos éasca gnó a dhéanamh trí Ghaeilge ná trí Bhéarla. Tá éascaíocht déanta. Ar an mbealach a luaigh an tUasal O'Leary, tá sé i bhfad níos deacra gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Mar sin ní bhadrálfaidh daoine leis. Ansin beidh an Roinn ag rá nach bhfuil aon éileamh ar na seirbhísí trí Ghaeilge. Sin an fáth go bhfuil mé an-láidir faoi seo agus nach dtuigim cén fáth nach bhfuil aonad bunaithe in áit ar nós na bhForbacha, áit in a bhfuil foirgnimh ar fáil, a bheadh ag plé le Gaelscoileanna agus le scoileanna Gaeltachta araon maidir le gnáthrudaí ó lá go lá. Nílim ag rá nach mbeadh rudaí áirithe ann go gcaithfear dul ag speisialtóir a bheadh níos airde agus nach mbeadh Gaeilge aige nó aici, ach bheadh aonad mar sin in ann déileáil le gnáthrudaí riaracháin ó lá go lá. Dá mbeadh a leithéid ann, d'fhéadfadh daoine a bheith cinnte dearfach gurb í an Ghaeilge an teanga a bheadh in úsáid mar theanga laethúil na hoifige sin. Oibreoidh sé sa Ghaeltacht; ní oibríonn aon réiteach eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.