Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 9 April 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): An Roinn Oideachais agus Scileanna

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Sin moladh is féidir linn a phlé. Is ceist pholasaí don Rialtas í. Ní dóigh liom gur ar na hionadaithe atá freagracht na ceiste sin. Maidir leis an bhfadhb eile ó thaobh seirbhís a bheith ar fáil do dhaoine ag cur glaonna ar an Roinn, ligfidh mé don Roinn teacht ar réiteach air sin.

Gabhaim míle buíochas leis na hionadaithe. Tá sé cabhrach dúinn. Níl muid ag iarraidh a bheith diúltach. Táimid ag iarraidh a fháil amach cá bhfuil muid ó thaobh na Gaeilge de. Bhí alt in The Irish Timesinné faoi léacht a thug an tOllamh Ó Giollagáin. Níl a fhios agam an bhfuil sé léite ag na hionadaithe ach is fiú é a léamh ó thaobh chomh leochaileach is atá an Ghaeilge sa Ghaeltacht. Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna mar eiseamláir. Tá a fhios agam go bhfuil a lán rudaí maithe déanta, go háirithe ó thaobh an pholasaí oideachais, ach tá ceisteanna faoin bpolasaí sin freisin. Tiocfaidh muid ar ais go dtí an phointe sin. I ndeireadh na dála, is é an bealach is fearr chun dul chun cinn a dhéanamh ná daoine a mhealladh chun an Ghaeilge a úsáid agus chuile thacaíocht a thabhairt don fhoireann. Sin croílár na faidhbe i gach Roinn i ndáiríre - daoine a mhealladh agus deiseanna agus tácaíocht a thabhairt do dhaoine Gaeilge a fhoghlaim agus a úsáid. Gan sin ní bheidh aon dul chun cinn agus beidh daoine ag cur glaonna ar an Roinn agus ní bheidh daoine in ann iad a fhreagairt. Sin mo thuairim. Gabhaim míle buíochas le Dr. Kirk, an tUasal David Gordon, Gavan O'Leary, Christine Tiernan, Siobhán Cullen agus Aoife Mitchell.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.