Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 9 April 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): An Roinn Oideachais agus Scileanna

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Ní ionsaí ar an Roinn é seo in aon chor, ach táimid ag triail a fháil amach conas is féidir daoine a mhealladh chun an méid Gaeilge atá acu a úsáid agus chun cur leis. Is ceist í do gach cuid den Státseirbhís. Luaigh an tUasal O'Leary ciorcal comhrá. Ón méid a dúirt sé, sílim gurb iad siúd atá líofa atá sa chiorcal comhrá. Is ciorcal comhrá dóibh siúd nach bhfuil líofa atá ag teastáil chun cuidiú leis an muinín. An mbíonn comórtais canadh nó dánta as Gaeilge ag an Roinn? An mbíonn time in lieu i gceist dóibh siúd a théann ar chúrsaí nó go seiminéair nó an gá do dhaoine é sin a dhéanamh ina n-am féin? An bhfuil aon liúntas breise ag gabháil leis an nGaeilge? Measaim nach bhfuil. Bhíodh rudaí mar sin ann ach ní dtugtar liúntais bhreise do dhaoine a thuilleadh. Conas is féidir daoine a mhealladh seachas an obair a bheith mar ualach breise? Más féidir daoine a mhealladh b'fhéidir go dtiocfaidh daoine chun cinn. Caithfidh na daoine atá i gceannas eiseamlár a thabhairt. Is féidir an príomhfheidhmeannach nó an cléireach atá i gceannas ar rannóg áirithe a bheith mar eiseamlár má labhraíonn sé nó sí Gaeilge, má chuireann sé nó sí rudaí ar siúl do Sheachtain na Gaeilge, nó má eagraíonn sé nó sí lá gach mí ina mbeidh gach rud sa cheaintín as Gaeilge. Ceapann daoine gur gimmicks iad rudaí mar sin ach uaireanta oibríonn siad, go háirithe má tá na daoine céanna san oifig de shíor.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.