Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 9 April 2019
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): An Roinn Oideachais agus Scileanna
Mr. Gavan O'Leary:
Tá 69 tar éis traenáil a dhéanamh. Ó 2017 tá clár foghlama i gcumas sa Ghaeilge curtha ar fáil do chigirí. Is cuid sin den iarracht atá á déanamh againn. Tá a fhios againn go bhfuil Gaeilge ag na daoine seo agus go ndearna siad í sa scoil nó fiú san ollscoil. Tá sé i gceist í a athnuachan agus beagáinín traenála a chur orthu chun go mbeidís in ann í a úsáid agus chun go mbeadh an muinín sin acu chun í a úsáid, fiú muna bhfuil siad ag dul isteach i nGaelscoil. Go minic téann cigire isteach i scoil nach Gaelscoil í a mhúineann trí mheán an Bhéarla ach ina bhfuil an príomhoide nó na múinteoirí an-sásta labhairt le cigire trí mheán na Gaeilge agus a gcuid gnó a dhéanamh leis nó léi trí Ghaeilge, fiú má tá an chigireacht féin á stiúradh trí Bhéarla. Is dócha go bhfuil an ceart agam é sin a rá.
Sin ceann de na hiarrachtaí atá á ndéanamh againn. Mar a dúirt mé, sa tríú seisiún a bheidh á chur i láthair againn in 2019 beidh an bhéim ar chumas scríbhneoireachta chun go mbeidh cigirí in ann a gcuid tuairiscí a scríobh i nGaeilge agus chun go mbeidh siad ar fáil sa teanga. Faigheann Gaelscoileanna agus scoileanna sa Ghaeltacht a dtuairiscí as Gaeilge i láthair na huaire. Sin feidhm atá againn. Soláthraímid an tseirbhís sin. Tá súil againn níos mó cigirí a bheith againn a mbeidh in ann an obair sin a dhéanamh agus chun cigireachtaí a dhéanamh i nGaelscoileanna, i nGaelcholáistí agus i scoileanna sa Ghaeltacht. Sin an sórt oibre atá á dhéanamh againn.
No comments