Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 12 February 2019
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
An Ghaeilge sa Chóras Oideachais: Díospóireacht
Professor Pádraig Ó Duibhir:
Ba mhaith liom cur leis an gceist sin faoin idirdhealú. Dúirt an tUasal Ó Ruairc go bhfuil deacracht ann le glúin nó mar sin. Ceann de na hathruithe ag an siollabas ag an iar-bhunleibhéal anois ná go bhfuil dhá shonrúcháin ann ag leibhéal an teastas shóisearaigh, mar sin tá an siollabas atá ag scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna sa Ghaeltacht níos oiriúnaí do na daltaí sin mar tá sé ar chaighdeán níos airde. Tá rud an-thábhachtach le tarlú leis seo go ceann cúpla bliain, is é sin an méid sin a choinneáil ar aghaidh go dtí leibhéal na hardteistiméireachta. Ceist pholaitiúil a bheas ansin mar ní dhéanfaidh aon dalta, i scoil lán-Ghaeilge nó i scoil Gaeltachta, scrúdú a bhfuil níos deacra mura bhfuil luach saothair ann dóibh. Tá cath le troid chun an t-aitheantas a fháil, b'fhéidir phointí breise nó ábhar eile. D'fhéadfaí dhá abhar a bheith ann don Ghaeilge nó pointí breise ach caithfidh luach saothair éigin a bheith ann. Dá mbeadh sé sin ann, bheadh sé i bhfad níos feiliúnaí do na daoine a bheadh ag dul ar aghaidh go dtí an múinteoireacht agus atá ag iarraidh a bheith muiníneach as a gcuid scríobhneoireachta mar bheadh níos mó béime ar an litríocht agus ar an scríobh ná mar atá i gcúrsa na hardteistiméireachta i láthair na huaire.
Cuid den chúis nach bhfuil caighdeán muiníne ag daltaí Gaeltachta as a gcuid cumais scríobhneoireachta ná nach gá dóibh ardchaighdeán a bhaint amach le A a bhaint amach san ardteistiméireacht. Is féidir leo A a bhaint amach gan mórán a dhéanamh. Mar a déarfadh an Dr. Mac Mahon, tá siad cliste agus straitéiseach agus cuirfidh siad a chuid ama isteach sna hábhair a gheobhaidh siad na pointí is mó uathu agus beidh A acu sa Ghaeilge gan mórán a dhéanamh. Mar sin, beidh tacaíocht ón gcóras ag teastáil chuige sin.
No comments