Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 12 February 2019
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
An Ghaeilge sa Chóras Oideachais: Díospóireacht
Dr. T.J. Ó Ceallaigh:
Bhí cúrsa againn i gcónaí, cúrsa an M.Oid. san oideachas lán-Ghaeilge in 2013 i gColáiste Mhuire Gan Smál a bhí ag plé go sonrach leis na sainriachtanais aitheanta atá ag múinteoirí ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht i scoileanna lán-Ghaeilge ach ó mí Mheán Fomhair seo caite, fuair Coláiste Mhuire Gan Smál tairiscint ón Roinn Oideachas agus Scileanna, clár nua a fhorbairt ach go mbeadh an-bhéim go deo an uair seo ar chúrsaí teanga, ar chúrsaí ceannaireachta agus ar chúrsaí bainistíochta, rud nach raibh an-sonrach sa seanchúrsa.
Is féidir liomsa na ceisteanna sin a fhreagairt agus cuir ceist orm mura bhfuil mé soiléir. Bhí an chéad ceist a bhí ag an Teachta faoi líon na mac léinn a fuair sparánacht ón scéim ó a cuireadh tús leis i 2015
Ó Mheán Fómhair 2018, tá 23 tosaithe ar an gclár sin. Tá sparánachtaí iomlána faighte ag na mic léinn sin agus táimid ag plé le teanga agus le hábhair. Clár foghlama cumais trasearnála atá ann. Tá múinteoirí ann ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal, múinteoirí ón nGaeltacht agus múinteoirí ón nGalltacht. Cé go raibh feachtas margaíochta agus feachtas bolscaireachta faoi lán seoil againn i mbliana, níor éirigh linn ach ceathrar a mhealladh ó scoileanna Gaeltachta, cé go raibh turas tugtha do gach scoil Ghaeltachta agus go raibh comhfhreagras déanta le gach pobal Gaeltachta ansin. Bhí 16 ó scoileanna lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht.
Tagraím do chúrsaí teanga. Foghlaimítear ábhair trí theanga agus foghlaimítear teanga trí ábhair. Sin an coincheap atá mar chroílár an chúrsa s'againne féin. Tá próifíliú déanta againn ar na mic léinn ar fad. Tá na sainriachtanais teangeolaíochta aitheanta againn, bhí cruinnithe againn leis na mic léinn go haonarach, tá prófíliú agus plean inniúlachta teanga anois ar bun ag na mic léinn sin agus coimeádann siad e-phunann ansinagus caithfidh siad C1 a bhaint amach ar an gcomhchreat tagartha na hEorpa um theangacha. Bhí orthu B1 a bheith acu ag teacht isteach. Tá sé sin réasúnta. Níl sé an-ard do dhuine atá ag múineadh i suíomh lán-Ghaeilge. Mar a dúirt an tOllamh Ó Duibhir, caithfidh C1 a bheith ag duine ar bhonn náisiúnta chun ábhair a mhúineadh sa sprioctheanga sin. Ag teacht isteach anseo, agus na múinteoirí ag múineadh sna chomhthéacsanna seo le blianta, nílimid ag súil ach go mbeidh B1 acu ach ansin tar éis dhá bhliain a chaitheamh ar an gclár linne, táimid ag súil go mbeidh C1 acu ag fágáil. Tá sé sin dúshlánach mar thuras d'fhoghlaimeoir ar bith ach táim dóchasach mar tá an grúpa atá againn chomh spreagtha agus chomh díograiseach sin. Tá infreastruchtúr cruthaithe agus cothaithe againn anois chun scileanna teanga ar fud na n-inniúlachtaí ar fad a shaibhriú ach nuair a thagann sé go múinteoirí ar leith, cé go bhfuil na scileanna labhartha ar ardchaighdeán, mar a dúirt an Dr. Mac Mahon, is ar chúrsaí scríobhneoireachta atáimid dírithe don chuid is mó mar sa choláiste bíonn tascanna le déanamh mar a bheadh ar eolas ag an gcoiste agus bíonn an-chuid scríobhneoireachta ar siúl. Is ansin atá an tacaíocht is luachmhaire ag teastáil ag an bpointe seo.
No comments