Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 July 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht (Atógáil)

5:55 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Táim ag cuimhneamh ar shraith fógraí a bhí ann an chéad uair nuair a bhí clár feasachta againn ar an teilifís, agus bhí sé bunaithe ar an gcoincheap sin, ar an ngasúr sa bhroinn agus go gcaithfí tosú ansin. Nuair a smaoinítear air, ag glacadh leis go bhfuil an ceart ag an bfinné go bhfuil an Béarla ag chuile ghasúr, agus níl aon ghasúr ag fás aníos gan Bhéarla, is féidir Gaeilge ó dhúchas a bheith ag na tuismitheoirí agus an gasúr a fhás suas gan Ghaeilge. Tá sé craiceáilte an gasúr a robáil ar an rud is éasca a thabharfaidh siad leo, is é sin an dá theanga. Ní bheadh fadhb dá laghad ag gasúr dhá theanga a thabhairt leis nó léi nó an tríú teanga a thabhairt leis nó léi da mba rud é go mbeadh sé aige nó aici le labhairt. Sílim féin go bhfuil síolteagasc le déanamh i ndearcadh phobal na Gaeltachta. Bhí sé intuigthe gur bhain an Ghaeilge le bochtanas agus go ndeachaigh daoine go Sasana suas go dtí na 1960dí nó fiú amháin na 1970dí gan mórán Béarla. Tá an saol sin imithe ach tá an rud fós i gcloigeann na ndaoine agus tógfaidh sé tamall sula n-imeoidh an rud sin.

Ina choinne sin, bhí sé thar a bheith spéisiúil, nuair a bhíomar ag plé leis an mBille um oideachais, bhí plé ollmhór á dhéanamh maidir le coinníollacha iontrála scoile anseo i mBaile Átha Cliath go mórmhór. Bhí scoil amháin sa chathair agus bhí siad ag iarraidh go mbeadh coinníoll ann go mbeadh tús áite ag gasúr atá á dtógáil i ndáiríre píre le Ghaeilge sa bhaile, i lár chathair Bhaile Átha Cliath. Chuir mé ceist orthu agus bhí céatadán suntasach de ghasúir ag dul go dtí an scoil seo agus an Ghaeilge a labhraítear leo i ndáiríre sa bhaile. Baineann sé seo le meon nua atá sna cathracha, agus le cúnamh Dé tiocfaidh sé go dtí na Gaeltachtaí. Feiceann an duine go bhfuil fadhb ollmhór ar dhaoine go bhfuil faitíos orthu áit a dtógfaí iad go mbeadh an gasúr fásta aníos agus gan aon Bhéarla a bheith acu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.