Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 4 July 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht (Atógáil)
5:55 pm
Ms Mairéad Mac Con Iomaire:
Nuair atá an páiste trí bliana, tá sé beagán deireanach do thuismitheoirí ag an am sin de. Sílim gurb é an am go gcaithfimid dul i bhfeidhm ar thuismitheoirí ó thaobh na Gaeilge de ná nuair atá an páiste sa bhroinn ionas go bhfeicfidís féin an tábhacht agus an phráinn a bhaineann leis an teanga agus ansin go dtiocfadh sé go nádúrtha. Sílim gurb é sin an áit go gcaithfimid díriú air. Táim ag ceapadh go mb’fhéidir go bhfuil beagán díriú á dhéanamh air sin faoi láthair ó thaobh na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus na Gaeltachta de.
No comments