Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 July 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht (Atógáil)

5:55 pm

Ms Orlaith Ruiséal:

Luaigh Bean Mac Con Iomaire ansin go gceapann sí go gcaithfimis dul i bhfeidhm ar dhaoine agus an leanbh sa bhroinn. Bheinn ag imeacht isteach agus amach ó Ospidéal Ollscoile Chiarraí i dTrá Lí go dtí ranganna réamhbhreithe. Is é sin an áit a théadh muintir Ghaeltacht Chorca Dhuibhne. Theastaigh uaim go mbeadh teacht agam orthu. Is dóigh liom go bhfuil féidearthacht mhór ann do Dhún na nGall, do Ghaillimh, do Ráth Chairn agus do na Gaeltachtaí eile, mar go rabhadar chomh fáiltiúil sa rang a bhí san ospidéal, agus cé nach raibh aon Ghaeilge ag na mná cabhracha a bhí ag plé leo, thuigeadar mar sin féin an tábhacht a bhain leis an Ghaeilge. Rachadh mé isteach ar feadh deich nóiméad ag labhairt mar gheall ar ábhar níos leithne ná an Ghaeilge, ach bhí mé ag labhairt mar gheall ar an nGaeilge nó aon teanga eile, agus an tábhacht a bhaineann le do theanga dhúchais a thabhairt dá leanbh. Fuair mé aiseolas ó chúpla duine ag rá nach raibh siad ag labhairt nó fiú ag smaoineamh mar gheall air agus go raibh mé tar éis iad a chur ag smaoineamh agus go rachaidís ar aghaidh agus a leanaí a thógáil le Gaeilge.

Is dóigh liom go bhfuil féidearthacht mhór ann don tír tógáil air sin, agus an tábhacht a bhaineann leis. Faoi mar a dúirt Bean Mac Con Iomaire, nuair a bhíonn leanbh trí bliana d'aois, tá an-chuid teanga sealbhaithe aige nó aici faoin tráth sin. Tá sé an-deacair, ach is féidir tabhairt faoi má dhéantar iarracht coinsiasach. Tá sé an-deacair ach is fiú dul i bhfeidhm ar na daoine seo sula dtagann an leanbh ar an saol.

B'fhéidir gur cheart dúinn iarracht dul i bhfeidhm orthu sa mheánscoil sula dtosaíonn ag gabháil le cúirtéireacht, agus ag cuimhneamh ar cad a bheadh acu amach anseo do na leanaí, ach ní fheadar. Is dóigh liom go bhfuil féidearthachtaí ann ach féachaint orthu chun dul i bhfeidhm roimhré ar dhaoine.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.