Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 July 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht (Atógáil)

4:35 pm

Ms Eithne Mhic Fhionnlaoich:

Tá an deacracht céanna againne. Tá mise ag obair i naíonra agus le bliain anuas tá 57 páistí ins an naíonra againn agus trí sheisiún ar siúl againn.

Bhí mé ag tabhairt daoine fá choinne ionadaithe a bhí againne dá mba rud é go raibh duine tinn le seasamh isteach orthu. Thug muid daoine isteach le linn na bliana le haghaidh taithí oibre a bheith acu agus gur mise a bhí acu mar ionadaí. Roimh dheireadh na bliana, fuair siad jabanna sna scoileanna mar SNAanna, tá siad ag fáil pá i rith an tsamhraidh agus níl strus ar bith leis. Tá sé i bhfad níos fearr dóibh ná ag dul thall i rith an tsamhraidh go dtí an Roinn i mbun leasa shóisialaigh. Tá sé deacair foireann eile a fháil sa naíonra. Níl sé ag mealladh daoine óga isteach sa naíonra mar níl an pá ann fána gcoinne. Tá sé ceart go leor mo mhacasamhail féin le fear céile agus pá ag teacht isteach, agus táthar ag leanúint ar aghaidh mar sin. Le daoine óga, níl an pá ann fána gcoinne. Níl pá sa samhradh acu. Dá mba rud é go bhfuil siad ag pósadh, níl siad ábalta cur isteach fá choinne iasacht nó rud ar bith mar sin. Tá sé ag cur isteach ar an earnáil.

An tseachtain atá imithe thart, chríochnaigh mé suas fá choinne an tsamhraidh. Beidh mé díomhaoin agus beidh orm dul ag "signing on", mar a thugtar air. Dúradh liom teacht ar ais an 17ú lá den mhí seo le h-agallamh a bheith agam le duine ansin. Tugadh foirmeacha dom le líonadh isteach agus beidh orm iad a chur ar ais ar an 17ú lá. Dá mbeinnse ag brath ar an airgead atá mé ag fáil uaidh sin, beidh sé deireadh na míosa sula dtagann sé. Níl ciall ar bith leis sin bliain i ndiaidh bliana. Tá mé anseo le seacht mbliana. B'shin an rud atá ag dul ar aghaidh achan bliain. Ní mheallfaidh sé daoine óga isteach san earnáil, is é sin na daoine óga atá ann sa cheantar. Is daoine ó 40 bliana suas atá ag obair linn sa cheantar uilig sna naíonraí. Níl daoine óga ar bith ag glacadh na jabanna. Tá siad ag déanamh na cúrsaí agus ar nós achan rud, níl athrú ar bith ag teacht air. Níl pá sa samhradh acu agus níl aon mhaith ann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.