Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 July 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht (Atógáil)

4:35 pm

Ms Úna Ní Fhaircheallaigh:

Tá sé níos bunúsaí i ndáiríre ná na tuariscí. Is féidir linn deileáil leis na tuairiscí mar bíonn na daoine fásta ag deileáil leis sin ach nuair a thagann siad isteach ag déanamh cigireachta ar an áit, is trí Bhéarla a bhíonn sé agus is ionad beag é so cloiseann na gasúir an Béarla. Tá muidne ag iarraidh go mbeadh tumoideachas i gceist leis an nGaeilge agus nach gcloisfeadh siad Béarla. Má thagann cigire isteach agus tá siad ag labhairt Béarla timpeall an ionaid, ní chabhraíonn sé sin linne leis an atmaisféar Gaeilge a choinneáil suas. Tacaím leis an méid a dúirt an tUasal Mac Pháidín faoi choinneáil fóirne. Táimid ag cailliúnt foireann go rialta go háiteanna eile mar nach bhfuil pá acu tríd an samhradh agus nach bhfuil pinsin acu. Tá cáillíochtaí tríú leibhéal acu anois agus tá siad in ann postanna a fháil in áiteanna eile. Breathnaimid i gcónaí in Éirinn ar dhaoine a thugann cúram do dhaoine agus níl aon mheas againn orthu. Léirimid é sin leis an méid pá a íocaimid agus tá sé sin níos measa arís nuair a táimid ag cuairtiú duine atá chun cúram nó aire a thabhairt do dhuine nach bhfuil Gaeilge acu leis an jab sin a dhéanamh. Tá an-chuid fadhbanna againn i Ráth Chairn ó thaobh caighdeán na Gaeilge atá ag na fostaithe agus na fostaithe go bhfuil Gaeilge acu a choinneáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.