Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 4 July 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht (Atógáil)
4:45 pm
Ms Orlaith Ruiséal:
Is é sin laige chomh maith mar go bhfuil na Gaeltachtaí ar fad tar éis a bheith ag obair go crua ag ullmhú pleananna teanga. Ní féidir pleananna teanga a thógáil mura bhfuilimid féachaint ar an earnáil seo i gceart. Níl faic ar domhan níos tábhachtaí ná na blianta tosaigh agus sealbhú teanga. Ní fiú faic aon phlean agus an t-airgead ar fad a bheidh á chaitheamh ag an Rialtas ar na pleananna seo mura bhfuilimid chun féachaint ar na blianta tosaigh agus an tábhacht a bhaineann leo. Táimid ag magadh fúinn féin i ndáiríre. Níl a fhios agam conas a bhféadfaí dul i ngleic leis, ach caithfear aitheantas ceart a thabhairt do na blianta tosaigh agus an réamhscolaíocht.
No comments