Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 9 May 2018

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Na hEalaíona agus an Ghaeilge: Plé (Atógáil)

2:45 pm

Mr. Micheál Ó hÉanaigh:

Chuir an Seanadóir an ceist faoin titim i maoiniú. Bhí titim suntasach ann ó thaobh cúrsaí maoiniú faoi na ceannteidil éagsúla. Maidir le hEalaíon na Gaeltachta féin, idir an dá eagraíocht, bheadh maoiniú €1 milliún deich mbliana ó shin. Thit sé sin go leath an mhéid agus tá sé tagtha ar ais arís go dtí €780,000, rud atá go maith agus tá súil agam go bhfuil sé ag dul sa treo ceart. Bímid i gcónaí ag lorg foinsí airgeadais eile cosúil le Creative Ireland le cur leis an méid sin. Ní bhímid díomhaoin ó thaobh a bheith ag lorg airgead ó foinsí eile.

I dtaobh na mbuiséad eile atá againn mar eagraíocht, deich mbliana ó shin bhí buiséad caipitil le fostaíocht a chruthú agus mar sin de €28 milliún agus thit sé sin go dtí €5 milliún. Tá sé ar ais i mbliaina go dtí €7 milliún. Bhí ciste againn d'fhorbairt pobail agus d'fhorbairt cultúir agus teanga: bhí sé sin ag €5 milliún deich mbliana ó shin agus tá sé sin ag €3 milliún anois. Thit an fostaíocht san eagraíocht le deich mbliana ó 130 go dtí 79. Táimid ag iarraidh dul ar ais go buiséad de €6 milliún le haghaidh forbairt pobail, teanga agus cultúir. Táimid ag súil le dul ar ais sa ghearrthéarma go dtí €12 milliún ó thaobh caipitil chun fostaíocht a chruthú.

Táimid i gcónaí ag lorg foinsí eile airgeadais. Chomh maith le bheith inár n-eagraíocht forbartha don Ghaeltacht, is eagraíocht muid a chuireann fiontar chun cinn agus muid ag baint aidhmeanna agus cuspóirí amach i gcomhair straitéisí fiontracha na tíre. B'fhéidir go bhfaighidh muid deis labhairt leis an gComhchoise um Poist, Fiontair agus Nuálaíocht am éicint faoin ról atá againne. B'fhéidir go bhfuil maoiniú le fáil ón taobh sin dúinne agus ba mhaith linn é sin a scrúdú.

Mar gheall ar an titim mór a bhí ann le linn an lagtrá, chomh maith leis an riachtanas le muid a thabhairt ar ais go dtí €12 milliún sa bhliain ar a laghad ar bhonn leanúnach, tá airgead aon uaire de €10 milliún ag teastáil uainn chun ár gcuid foirgneamh a thabhairt suas chun caighdeáin. Sin é an t-aon rud amháin a thugann deis dúinne dul i gcoimhlint agus in iomaíocht le háiteanna lárnacha sa tír, na foirgnimh atá againn agus tá €10 milliún ag teastáil uainne chun iad sin a thabhairt suas chun caighdeáin. Sin iad na riachtanais atá againn agus mar a dúirt mé tá plé leanúnach againn lenár Roinn féin air seo agus táimid ag súil le dul chun cinn a fheiceáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.