Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 9 May 2018

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Na hEalaíona agus an Ghaeilge: Plé (Atógáil)

2:15 pm

Ms Siubhán Nic Grianna:

Ba mhaith liom anois an deis a thapú labhairt faoi thábhacht na n-ealaíon ó thaobh cothaithe teanga de agus cur síos a dhéanamh faoi Ealaín na Gaeltachta teoranta agus an obair a dhéanann sí. Is dlúthchuid den teanga iad na healaíona agus is mór an tionchar atá acu ar chothabháil na Gaeilge, ar stádas agus ar íomha teanga, ar chothú agus ar bhuanú pobail teanga, ar dhearcadh daoine i leith na Gaeilge, agus ar sheachadadh agus ar shealbhú teanga.

Aithníonn polasaí an Rialtais, an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030, na healaíona Gaeilge mar ghné lárnach a chuirfidh le seachadadh agus sealbhú teanga chuig an chéad ghlúin eile. Tá ról thar a bheith tábhachtach ag na healaíona aithrise agus dúchasacha i seachadadh teanga - an amhránaíocht, an drámaíocht, an scéalaíocht, an litríocht agus agallamh beirte mar shampla. Tá tionchar ag cleachtas na n-ealaíon sin ar chumas, ar chleachtas agus ar úsáid teanga. Tá sé tábhachtach pobail a mhealladh chuig na healaíona aithrise ionas go dtabharfaí deis dóibh máistreacht a fháil ar an teanga. Anuas air seo tá deis ann, trí ealaíontóirí eile ar nós fís-ealaíontóirí agus rinceoirí atá ag gníomhú trí mheán na Gaeilge, tacú le seachadadh teanga. Tá samplaí ar fud na Gaeltachta de thréimhsí cónaitheacha le rinceoirí traidisiúnta agus comhaimseartha, ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge, ag tabhairt deis do dhaoine óga an Ghaeilge a chleachtadh i suíomh taobh amuigh den seomra ranga fhoirmeálta. Anuas air sin, tá na céadta daoine óga páirteach i dtograí drámaíochta, amhránaíochta nó ceoil le grúpaí ealaíne ar nós Annóg, Fíbín agus Aisling Gheal, mar shampla.

Cuireann na healaíona sa Ghaeltacht cultúr beo na Gaeltachta in iúl, rud a chuireann le forbairt na teanga. Is droichead go saol na Gaeilge iad na healaíona agus is doras isteach don teanga don ghnáthdhuine iad. Is fianaise den mhéid atá ráite iad na tearmainn teanga atá cruthaithe sna hionaid ealaíon ar fud na Gaeltachta. Chomh maith leis sin, tá compántais drámaíochta ar nós Fíbín agus Annóg ag athrú dearcadh daoine óga i leith na Gaeilge. Cuireann na healaíona an Ghaeilge chun cinn ar bhealach samhlaíoch neamhbhagartha agus cothaíonn siad íomhá nuálaíoch agus nua-aimseartha go minic.

Mar a dúirt an príomhfheidhmeannach níos luaithe, bunaíodh Ealaín na Gaeltachta teoranta leis na healaíona dúchasacha agus comhaimseartha sa Ghaeltacht a fhorbairt agus a chur chun cinn chomh maith le deiseanna forbartha agus fostaíochta san earnáil a mhéadú. Cuireann an Chomhairle Ealaíon agus Údarás na Gaeltachta comh-mhaoiniú ar fáil ar bhonn bliantúil do chlár forbartha Ealaín na Gaeltachta teoranta. Tá maoiniú iomlán de €682,00 á sholáthar ag an dá eagraíocht sin don chomhlacht in 2018.

Tá sé mar sprioc ag Ealaín na Gaeltachta tacaíocht a chur ar fáil do na healaíona sa Ghaeltacht trí chomhpháirtíochtaí leis an gChomhairle Ealaíon agus le gníomhaireachtaí eile; tacú le healaíontóirí agus le heagrais ealaíon a gcumas cruthaitheach a bhaint amach agus cur lena gcumas chun fostaíocht agus slí bheatha a chruthú san earnáil; tacú le healaíontóirí spáis oibre, spáis taispeántais agus áiseanna cuí a aimsiú dá gcuid saothar; cuidiú le forbairt cumais agus oiliúna sna healaíona trí scéimeanna éagsúla agus cláir oiliúna a sholáthar; agus forbairt a dhéanamh ar phróifíl agus ar chultúr na n-ealaíon sa Ghaeltacht agus go náisiúnta.

Díríonn Ealaín na Gaeltachta teoranta ar na spriocanna seo a bhaint amach trí chlár forbartha a bhainistiú agus a fheidhmiú. Cuirtear cláir thacaíochta agus scéimeanna ar fáil ar nós scéim na bpríomhréimsí forbartha. Cuireann an scéim seo tacaíocht ar fáil do thograí straitéiseacha atá dírithe ar ghnéithe a chuireann le hinfreastruchtúr na n-ealaíon ar bhunús fadtéarmach. Ceadaíodh tacaíocht do 12 thogra faoin scéim seo in 2017 le buiséad iomlán de €265,000. Tá scéim na bhféilte ann freisin. Is scéim í faoina dtugtar tacaíocht do choistí agus eagrais ar mian leo féilte ealaíon a fhorbairt. Cuireadh tacaíocht ar fáil do 20 féile ealaíon sa Ghaeltacht in 2017 le buiséad iomlán de €70,000. Tacaíonn an scéim sparánachta d’ealaíontóirí le healaíontóirí aonair iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú a chuirfeadh ar a gcumas forbairt a dhéanamh ar a gceird. Cuireadh tacaíocht ar fáil do 22 ealaíontóir in 2017 as buiséad iomlán de €51,500. Tá an scéim síol dírithe ar thacaíocht a sholáthar d’ealaíontóirí aonair nó grúpaí ar suim leo miontionscadail nó tograí úra ealaíona a fhorbairt. Cuireadh tacaíocht ar fáil do 80 iarratasóir in 2017 le buiséad iomlán de beagnach €34,000.

Anuas ar na gnáthscéimeanna tacaíochta a sholáthraíonn Ealaín na Gaeltachta, déantar tograí straitéiseacha ealaíona faoi leith a fhorbairt agus a fheidhmiú i gcomhpháirtíocht le heagrais agus le gníomhaireachtaí réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta ag brath ar scéimeanna maoinithe atá ar fáil. Luadh cúpla sampla níos luaithe agus tá cúpla sampla de thograí ar a bhfuilimid ag díriú isteach orthu faoi láthair sna sleamhnáin. Sampla amháin é Cúinne an Ghiorria. Is comhpháirtíocht é le Comhairle Contae Dhún na nGall, Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus an Ollscoil na hÉireann, Gaillimh le tacaíocht ón Chomhairle Ealaíon. Tá sé dírithe ar fhorbairt drámaíochta Gaeilge agus tá sé mar aidhm aige borradh a chur faoi dhrámaíocht Ghaeilge.

Is mórléiriú ealaíon í amharclannaíochta agus ceoil "Aisling?: An Ród Romhainn" a choimisiúnaigh Ealaín na Gaeltachta le tacaíocht ón chiste Éire Ildánach - Creative Ireland. Tá camchuairt náisiúnta á heagrú anois le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge, ón gComhairle Ealaíon agus ó roinnt de na comhairlí cathrach. Tá comhpháirtíocht nua ann leis an Centre Culturel Irlandais i bPáras atá dírithe ar thréimhse chónaitheach a chur ar fáil d’ealaíontóir Gaeltachta atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Bhí comphairtíocht a bhí againn le hAmharchlann na Mainistreach ar chamchuairt chuig scoileanna Gaeltachta. Tá an tógra sin ar bun arís i mbliana.

Tá Ealaín na Gaeltachta 20 bliain ar an fhód anois. Tá tionchar obair Ealaín na Gaeltachta le feiceáil ar an réimse ealaíon sa Ghaeltacht agus, cé gur tháinig ísliú ar bhuiséad an chomhlachta le linn na géarchéime eacnamaíochta, tá bonneagar láidir forbartha sa Ghaeltacht ó 1997 ar aghaidh. Feicfidh an coiste na príomhthógraí ealaíne atá le feiceáil síos sa Ghaeltacht. De réir na dtuairiscí neamhspleácha a rinneadh d’Ealaín na Gaeltachta thar na blianta tá sé soiléir gur tháinig athrú suntasach ar chúrsaí ealaíon sa Ghaeltacht ó cuireadh tús leis an chomhpháirtíocht idir Údarás na Gaeltachta agus an Chomhairle Ealaíon. Bunaíodh 11 de na 17 eagras proifisiúnta atá ag plé leis na healaíona go lánaimseartha sa Ghaeltacht le linn thréimhse reatha Ealaín na Gaeltachta teoranta. Tháinig méadú suntasach ar líon na n-ealaíontóirí agus na n-eagras ealaíon atá in ann cláir agus imeachtaí ealaíon a chur i bhfeidhm trí mheán na Gaeilge. Tá forbairt déanta ar an bhonneagar agus ar na háiseanna ealaíon atá ar fud na Gaeltachta agus tá ceangal agus comhpháirtíocht cothaithe idir eagrais ealaíon Ghaeltachta agus eagrais náisiúnta. Tá os cionn 200 duine fostaithe i réimse na n-ealaíon sa Ghaeltacht le tacaíocht ón údarás. Ar ndóigh tá i bhfad níos mór ná sin fostaithe san earnáil ealaíne ar fud na Gaeltachta. Is é an líon sin go díreach iad a fuair tacaíocht ón údarás.

Tá plean straitéiseach d’fhorbairt na n-ealaíon sa Ghaeltacht ó 2018 go dtí 2023 á dhréachtú faoi láthair le haontú idir Ealaín na Gaeltachta agus an Chomhairle Ealaíon. Díríonn an Straitéis ar an bhonneagar atá ann faoi láthair a láidriú lena chinntiú go mbeidh an bonneagar seo mar chnámh droma d’fhorbairt straitéiseach na hearnála go fadtéarmach agus táthar ag súil go leanfar leis an mhúnla comhpháirtíochta a bhí ag feidhmiú ó bunaíodh an comhlacht.

Tá roinnt moltaí againn anseo gur mhaith linn a chur os comhair an choiste. Is féidir tacú leis na healaíona Gaeilge agus Gaeltachta trí fhéidearthachtaí mar seo a leanas. Ba chóir a chinntiú go bhfuil soláthar maoinithe reatha ar fáil do thograí straitéiseacha ealaíon ar fud na Gaeltachta chun gur féidir leo feidhmiú ar bhunús inmharthanach sa todhchaí agus chun gur féidir leo tacú le forbairt cumais agus oiliúna sna healaíona, le díriú ar an óige go háirithe. Ba mhaith liom dea-shampla a leiriú don choiste. Is é sin sampla Amharclann Ghaoth Dobhair. Is sampla é den toradh a thig ó infheistíocht fadtéarmach san healaíona.

Osclaíodh Amharclann Ghaoth Dobhair don chéad uair in 1961 agus chuaigh na healaíon ó neart go neart i nGaoth Dobhair ó shin. Is ar an stáitse seo a chleacht Clannad, Enya, Mairéad Ní Mhaonaigh ó Altan, agus mórán eile de cheoltóirí agus d'aisteoirí clúiteacha an cheantar a gceird. Ní hamháin go bhfuil breis agus 100 milliún ceirnín díolta ag ceoltóirí an cheantair seo ach tá na sluaite meallta acu go dtí an taobh sin tíre. Dúnadh an t-amharclann sna 1990í de bharr go raibh sé i ndrochstaid. Tá coiste na hamharclainne i ndiaidh an foirgnimh a athchóiriú ar chostas iomlán de €800,000, maoiniú a cuireadh ar fáil den chuid is mó tríd an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Gan infheistíocht i dtograí ealaíona mar seo, ní bheadh sé d’acmhainn ag na pobail ealaíontóirí nua a chothú agus a chumasú don todhchaí. Tá gá fosta breis tograí comhpháirtíochta a fhorbairt agus deiseanna comhoibrithe a chruthú leis na healaíona Gaeilge agus Gaeltachta agus iad a chur chun cinn ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Tá gá fosta le hardán lárnach bolscaireachta agus poiblíochta a chruthú le próifíl na n-ealaíon Gaeilge agus Gaeltachta a ardú ag leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tá gá le breis tacaíochta a sholáthar do réimsí a dhíríonn ar na healaíona béil agus liteartha ar nós na hamhránaíochta, an drámaíocht, an scéalaíocht, an litríocht agus agallamh beirte. Tá gá le tacaíocht a chur ar fáil le díriú ar an óige ach go háirithe. Is iadsan ealaíontóirí an todhchaí agus tá gá le healaíontóirí óga a chothú agus a chumasú chun cultúr beo na Gaeltachta a chinntiú don todhchaí. Sílim go léiríonn na sleamhnáin don gcoiste an t-ardú agus an titim a tháinig ar bhuiséad Ealaín na Gaeltachta de bharr an t-ardú agus an titim a tháinig ar bhuiséad Chomhairle Ealaíona agus Údarás na Gaeltachta ar aon. Caithfidh mé cur leis an bpointe atá déanta níos luaithe ag an t-Uasal Ó Tuairisg ó Fíbín agus ag Foras na Gaeilge go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfar cinnte go gcuirfear a dóthain soláthar maoinithe ar fáil do na healaíona Gaeilge agus Gaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.