Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 9 May 2018

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Na hEalaíona agus an Ghaeilge: Plé (Atógáil)

2:05 pm

Mr. Micheál Ó hÉanaigh:

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Is é Údarás na Gaeltachta an t-eagras forbartha réigiúnach atá maoinithe ag an Rialtas chun forbairt theangeolaíoch, chultúrtha, shóisialta, fhisiciúil agus gheilleagrach na Gaeltachta a chur chun cinn. Is é caomhnú agus láidriú na Gaeilge mar theanga bheo agus mar phríomhtheanga pobail na Gaeltachta an príomhaidhm atá ag Údarás na Gaeltachta. Tá an ról seo leagtha amach dúinn in Acht na Gaeltachta 2012. Tugann an tAcht sin ról ar leith don údarás i gcur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain don Ghaeilge sa Ghaeltacht agus dearbhaíonn sé ról an údaráis i bhforbairt gheilleagrach na Gaeltachta.

In 1997 bhunaigh Údarás na Gaeltachta an fóchuideachta Ealaín na Gaeltachta le na healaíona dúchasacha agus comhaimseartha sa Ghaeltacht a fhorbairt agus a chur chun cinn agus chun deiseanna forbartha agus fostaíochta san earnáil a mhéadú. Is comhpháirtíocht atá in Ealaín na Gaeltachta idir Údarás na Gaeltachta agus an Chomhairle Ealaíon toisc go raibh imní ar an dá eagraíocht nach raibh forbairt mar is ceart á dhéanamh ar an réimse sin sna Gaeltachtaí agus toisc gur cheap siad go raibh deiseanna ann go bhféadfaí iad a thapú agus a chur chun cinn. Tá an dá eagraíocht ag obair i gcomhpháirtíocht ó shin i leith. Tá triúir áisitheoir fostaithe ag Ealaín na Gaeltachta agus tá siad ag obair sa trí mhór-réigiún Gaeltachta. Tá go leor oibre agus go leor infheistíochta déanta ó shin. Tá réimse na healaíona fíor-thábhachtach don Ghaeltacht agus d'obair an údaráis don luach atá sna healaíona dúchasacha agus comhaimseartha féin agus, chomh maith leis sin, mar acmhainn fíor-thábhachtach agus muid ag iarraidh réimsí eacnamaíochta cosúil leis an turasóireacht a mhealladh agus tograí teanga-bhunaithe a chur chun cinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.