Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 28 March 2018

Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates for Public Services 2018
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

1:30 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Aontaím gur cheart dúinn breathnú ar an bpictiúr mór maidir leis an nGaeilge. Rachaidh mé anseo is ansiúd agus mé ag freagairt na ceisteanna atá curtha ag an gCathaoirleach. Tá mé i gcroílár an chomhrá maidir leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht. Tá sé mar fhreagracht orm an Ghaeilge a chur chun cinn agus an teanga a choimeád beo sna ceantair Ghaeltachta. Caithfidh mé a rá mar fhocal pearsanta gurb iad na daoine uilig timpeall na tíre, go háirithe iad siúd atá lonnaithe sa Ghaeltacht, atá freagrach as an teanga. Má tá siad ag úsáid na Gaeilge achan lá sna siopaí agus nuair atá siad ag dul ag obair sa Ghaeltacht nó taobh amuigh den Ghaeltacht, is é sin an tslat tomhais is tábhachtaí. Muna bhfuil na daoine ag úsáid an teanga, ní bheidh an teanga beo. Is í sin an fhírinne. Chuaigh mise agus an tAire, an Teachta Bruton, go dtí scoil i gContae na Mí roimh an Nollaig chun polasaí oideachais a lainseáil. Nuair a bhí mé taobh amuigh den scoil roimh an ócáid fhoirmiúil, bhí na daoine a bhí ag súgradh ag labhairt Gaeilge. Is é sin an tipping point. Má tá daoine ag úsáid na Gaeilge taobh amuigh den struchtúr foirmiúil, tarlóidh rudaí fíor-dhearfacha ar son na teanga.

Nuair atá daoine sa réimse polaitiúil ag déanamh díospóireachta agus comhrá faoin teanga, bíonn siad i gcónaí ag caint faoi airgead agus ag gearán nach bhfuil dóthain airgid ar fáil. Is cinnte go bhfuil sé sin tábhachtach. Tá an struchtúr maidir leis an straitéis, leis an gcoiste Gaeilge agus le Bille na dteangacha oifigiúla thar a bheith tábhachtach fosta. Nuair a bhíonn muidne i gcónaí ag troid faoi chúrsaí polaitiúla ar nós airgead agus caipitil, ní dhírítear aon aird ar na rudaí dearfacha atá á bhaint amach, ar nós scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge; scéim na gcúntóirí teanga, a reáchtálann Muintearas agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne; scéim na gCampaí Samhraidh; an polasaí don oideachas Gaeltachta; agus an plean digiteach don Ghaeilge. Cuirfidh an tionscnamh ardscileanna Gaeilge daoine leis na scileanna go dtí Lucsamburg agus an Bhruiséil sa bhliain 2021. Nuair a bhí an Cathaoirleach i dTír Chonaill, chonaic sé an dea-scéal maidir le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair. Tá an t-acadamh lonnaithe i gCarna na Gaillimhe fosta. Ba mhaith liom Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna, Halla Naomh Fhionáin sna Crois Bhealaí, Amharclann Ghaoth Dobhair agus Teach an Phiarsaigh a lua sa chomhthéacs seo fosta. Tagann dea-scéal ó Choláiste Lurgan, i gContae na Gaillimhe, achan samhradh nuair a bhíonn déagóirí agus mic léinn ag déanamh rudaí difriúla agus ildánacha. Lainseáil mé an Bailiúchán Náisiúnta Béaloidis in UCD cúpla mí ó shin. Tá DCU agus Coláiste na Tríonóide ag treabhadh ar aghaidh fosta.

Tá cuid mhór oibre ag dul ar aghaidh taobh amuigh den Ghaeltacht agus taobh amuigh de Roinn na Gaeltachta fosta. Tá achan oifigeach i mo Roinn, ón Ard-Rúnaí go dtí na hoifigigh sna rannóga oidhreachta agus cultúrtha, tiomanta i dtaobh na Gaeilge. Ná naisc fite fuaite idir gach rannóg sa Roinn. Mar shampla, bhí mé ag labhairt leis na daoine sa rannóg chultúir agus ealaíon i dtaobh iarratas a bhí á dhéanamh agam. Chas mé le grúpa i São Paulo na Brasaíle an tseachtain seo caite atá ag teacht go dtí an tír seo i mí Iúil agus atá ag iarraidh cuidiú le obair atá á dhéanamh acu maidir le scéal Roger Casement. Tá siad ag spreagadh na Gaeilge thar lear agus ag teacht ar ais go dtí an tír seo. Beidh an tacaíocht thábhachtach atá de dhíth orthu ag teacht ón rannóg chultúir, seachas ó mo rannóg féin. Tá na rudaí seo ar fad fite fuaite. Tá ról ollmhór ag an Roinn Oideachas agus Scileanna. Agus muid ag labhairt faoi airgead, ba cheart dom a rá go bhfuil €10 mbilliún ar fáil tríd an Roinn Oideachas agus Scileanna achan bhliain. Tá an Roinn sin ag tabhairt tacaíochta i mbliana i dtaobh mic léinn sna bunscoileanna agus na meánscoileanna.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.