Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 28 March 2018

Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates for Public Services 2018
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

1:30 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Ba mhaith liom cúpla ceist a chur ar an Aire Stáit. Níl mé ag iarraidh bheith trodach. Tá mé ag iarraidh bheith ionraic leis. B'fhéidir go mbeidh sé ionraic linn freisin. Tá a fhios agam go bhfuil grá aige don teanga. Tá a fhios agam freisin go bhfuil rudaí maithe mar gheall ar an teanga ag tarlú timpeall na tíre. Nuair atáimid ag iarraidh an pictiúr mór a thomhas, caithimid díriú isteach ar chúpla staitistic a thaispeánann beatha nó sláinte an teanga. Mar a dúirt an Teachta Ó Cuív, caitheadh seacht n-oiread níos mó airgid - maoiniú caipitil - ar an nGaeilge in 2008 ná i mbliana. Tá caiteachas iomlán an Rialtais beagnach mar an gcéanna is a bhí sé in 2008. Níl aon fhíordhifear idir an dá fhigiúr. Bhí an Roinn seo ag caitheamh seacht n-oiread níos mó airgid chaipitil ar an nGaeilge ag an am sin. Taispeánann sé sin an difear tábhachtach atá soiléir i gcaiteachas an Rialtais.

Tá mé ag iarraidh bheith dearfach mar gheall ar an teanga. Is aoibhinn liom an teanga freisin. Is í an staitistic is tábhachtaí don Rialtas agus do gach duine anseo ná an titim atá tagtha ar an mhéid daoine atá ag labhairt na Gaeilge lá i ndiaidh lae taobh amuigh den scoil. Is í sin an uimhir ar a maireann an Roinn, i slí amháin. Má thiteann an staitistic sin, tá rudaí ag dul in olcas. Má ardaíonn an staitistic sin, tá rudaí ag éirí níos fearr. Is í seo an fhadhb atá againn. Dá gcuirfear ceist ar dhaoine ar shráideanna Leitir Ceanainn, an Uaimh nó Carraig an tSionnaigh faoin mhéid airgid atá caite ag an Roinn seo ar an nGaeltacht agus ar an nGaeilge, i gcomparáid leis na healaíona agus leis an oidhreacht, déarfaidis ar fad go bhfuil níos mó airgid á chaitheamh ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht ná mar atá á chaitheamh ar na hábhair eile.

Tá an Ghaeilge agus an Ghaeltacht beagnach ag bun an dréimire mar gheall ar an mhéid airgid atá ar fáil ón Roinn sna catagóirí seo. Ba cheart dúinn a rá go hionraic go léiríonn na príomhstaitisticí a bhaineann leis an ábhar seo go bhfuil rudaí olc go leor, agus go bhfuilimid i ndáiríre faoi dul chun cinn a dhéanamh sa chomhthéacs seo. Bheadh níos mó measa agam agus ag Gaeilgeoirí timpeall na tíre ar an Roinn dá mbeadh a leithéid á rá.

Tá deacracht agam leis an gcaiteachas de €500,000 ar Bhliain na Gaeilge. Críochnóidh mé leis an lár-ionad Gaeilge. Is rud maith é go bhfuil sé sa phlean fadtéarmach caipitil. Fáiltím roimhe sin. Dá mbeadh an tAire Stáit in ann a rá go bhfuil sé i gceist an t-ionad a thógáil i gceann trí bliana - dá mbeadh spriocdháta leagtha amach, an t-airgead curtha ar leataobh agus na pleananna ullmhaithe - bheadh níos mó muiníne ag daoine go bhfuil an Rialtas i ndáiríre faoin tionscadal seo. Iarraim ar an Aire Stáit freagra a thabhairt ar na pointí sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.